Indreabhán

baile beag i gContae na Gaillimhe

Baile beag in iarthar Chois Fharraige is ea Indreabhán[1] (Inverin as Béarla). Maille le hiascach, bíonn seirbhís rialta farantóireachta go hÁrainn nach dtógann mórán thar uair an chloig. Inniu, is é seo an bealach is coitianta le dul go hÁrainn, mar gur gaire i bhfad an aistear as Indreabhán ná as cathair na Gaillimhe. Tá Indreabhán suite idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Chrumlinne, idir ceantair an Spidéil agus na Tulaí. Tá dhá scoil, dhá shiopa agus ceithre theach ósta sa gceantar. Is iad na scoileanna atá sa gceantar ná: Coláiste Cholmcille (scoil dara leibhéal), Scoil Sailearna (bunscoil). Freisin, tá dhá halla pobail sa gceantar, Coláiste Lurgan, a úsáidtear chun scoláirí Gaeilge a mhúineadh i rith an tsamhraidh, agus Seanscoil Shailearna, a úsáidtear chun cúrsaí agus drámaí srl. a chur ar fáil.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilIndreabhán

Tigh ceann tuí, Indreabhán, Samhain 2004 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°14′00″N 9°26′00″W / 53.2333°N 9.4333°W / 53.2333; -9.4333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413583

Tagairtí cuir in eagar