Indrechtach mac Dungalaig

Rí Bhreá

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Indreachtach mac Dunghalaigh (Sean-Ghaeilge Indrechtach mac Dungalaig) (bás 748). Conaing Coirre (died 662), iar-rí, ba ea a sheanathair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 742 go dtí 748.

Infotaula de personaIndrechtach mac Dungalaig
Beathaisnéis
Bás748
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 743, throid sé i gCath Daim Deirg, inár chloígh sé Dúnghal mac Flainn, rí Fhir Chúl Bhreá, a maraíodh.[2] Bhí tráth Síol Dlúthaigh agus clann Uí Chonaing in iomaíocht le clann Uí Chearnaigh as deisceart Bhreá i gcomhaontas le chéile, agus is é seo an chéad uair a feictear tuairisc sna hannála agus coimhlint eatarthu.

Tugtar an teideal regis Ciannachte ar Indreachtach ina thásc sna hannála.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mac Niocaill, lch. 141
  2. Annála Uladh, AU 743.2
  3. AU 748.4