Inis Iocht

oileán agus contae de chuid na Ríochta Aontaithe

Is oileán agus contae de chuid na Ríochta Aontaithe í Inis Iocht[1] (Isle of Wight as Béarla). Tá sí suite trí mhíle amach ó chósta theas Chontae Hampshire i Sasana, agus í scartha ón mórthír ag caolas mara a dtugtar Solent air. Tá an-ráchairt ar an oileán seo ón ré Victeoiriach i leith, mar ionad saoire. Tá cáil uirthi as áilleacht a tírdhreacha chomh maith.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Iocht
(en) Isle of Wight Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán, contae searmanais Shasana agus limistéar údaráis aonadaigh i Sasana Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOirdheisceart Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinOirdheisceart Shasana, England Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 50°40′N 1°16′W / 50.67°N 1.27°W / 50.67; -1.27
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir nIocht Cuir in eagar ar Wikidata
Teorainneacha leHampshire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar380.1644 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáiniwight.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Inis Iocht. Ríocht neamhspleách a bhí ann ar feadh tamaillín sa chúigiú haois déag. Bhí cónaí ar an bhfile Alfred Lord Tennyson ansin, agus chaith an Bhainríon Victeoiria féin deireadh a saoil in Osborne House, an teach saoire a bhí aici in Inis Iocht. Áit mhór tógála bád a bhí in Inis Iocht riamh, ach, de bharr na forbartha teicneolaíochta, tógadh eitleáin uisce san oileán freisin, chomh maith leis an gcéad sciorrárthach (árthach foluaineach) i stair an chine dhaonna.

Ba chuid de Chontae Hampshire í go dtí an bhliain 1890, agus tá canúint an oileáin an-chosúil le canúint tuaithe Hampshire, cé go bhfuil cuid mhaith focal dá gcuid féin ag muintir Inis Iocht. Bhí 132,731 duine ina gcónaí san oileán sa bhliain 2001, agus aon duine amháin ag déanamh feisireachta dóibh i bparlaimint Westminster - rud a chiallaíonn gur í Inis Iocht í an toghcheantar is mó sa tír.

San úrscéal ficsin eolaíochta The Day of the Triffids le John Wyndham, shocraigh iarmharáin na holltubaiste domhanda in Inis Iocht sa deireadh, le coilíneacht dá gcuid féin a bhunú ansin.

Bailte cuir in eagar

Nithe is díol spéise do thurasóirí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Inis Iocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar