Inis Meáin

ceann d’Oileáin Árann i gcuan na Gaillimhe

Inis Meáin[1] mar cheann d’Oileáin Árann i gcuan na Gaillimhe. Mar is léir ón ainm, tá Inis Meáin suite i lár báire idir an dá oileán eile, Inis Mór (an ceann is mó de na trí hoileáin) agus Inis Oírr (an t-oileán is faide soir agus is gaire do chósta Chontae an Chláir).

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Meáin
Íomhá
CineálOileán agus An Ghaeltacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie937 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°05′06″N 9°35′24″W / 53.085°N 9.59°W / 53.085; -9.59
Suite i nó in aice le limistéar uisceCuan na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige79 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí25 (leithead) × 4 (fad) km
Achar9 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an t-oileán 4 km x 2.5 km trí mhíle ar fad agus ar leithead. Tuairim is 150-200 duine atá ag maireachtáil ann. Tá sé suite cúig mhíle déag ó chósta thiar Chonamara in iarthar na hÉireann, 30 míle ó chathair na Gaillimhe. Fíor-Ghaeltacht atá ann.

Thar na blianta thug roinnt de na filí agus scríbhneoirí cáiliúla in Éirinn cuairt ar Inis Meáin, mar shampla John Millington Synge, Augusta Gregory agus Pádraig Mac Piarais le tabhairt faoina gcuid scríbhneoireachta agus le Gaeilge a fhoghlaim chomh maith. Mar thoradh air sin, fuair an t-oileán an leasainm "Ollscoil na Gaeilge".

An t-oileán cuir in eagar

Tá réimse mór leacracha cloch aoil le feicáil in Inis Meáin, rud nach bhfuil fairsing ar fud na hEorapa. D’oibrigh muintir an oileáin leis na glúnta leis an talamh a stocáil. Thógadar claíocha cloch le talamh an oileáin a roinnt agus le foscadh a thabhairt do dhuine agus d’ainmhí.

Áiseanna agus seirbhísí cuir in eagar

Ní raibh mórán áiseanna le fáil in Inis Meáin sa sean-am ach sa lá atá inniu ann tá teilifíseanna, leathanbhanda srl le fáil. Tá neart lóistín le fáil ar an oileán, ina measc óstán, B&B agus tithe lóistín. Níl ach siopa amháin, séipéal amháin agus teach tábhairne amháin ann. Bíonn banaltra lánaimsire ag freastal ar mhunitir na háite, chomh maith le dochtúir 3 uair sa tseachtain. Tá trí mhuileann gaoithe in Inis Meáin agus úsáidtear an fuinneamh a ghnítear le díshallanú a dhéanamh ar an sáile. Bíonn an t-ionad tumadóireachta gnóthach i rith an tsamhraidh. Tá sé suite le taobh na dTithe Saoire.

Tagann bád go hInis Meáin ó chalafort Ros a’ Mhíl 2 uair sa ló. Tá aeradróm in Inis Meáin agus bíonn eitilt de chuid Aer Árann ann faoi dhó sa ló.

Oideachas cuir in eagar

Tá naíonra ar an oileán. Scoil Náisiúnta Inis Meáin a thugtar ar an mbunscoil.[2][3][4] Bunaíodh meánscoil sa bhliain 2001 agus tá tuairim is 20 dalta ag freastal uirthi, cuid acu atá ar scoláireachtaí agus nach as an oileán iad ó dhúchas. Cónaíonn siad le teaghlaigh áitiúla.

Cniotáil Inis Meáin cuir in eagar

Tá comhlacht cníotála, Cniotnáil Inis Meáin ann. Bíonn earraí an chomhlachta seo ar díol i gcathracha móra ar fud an domhain.

An Ghaeilge ar Inis Meáin cuir in eagar

An Ghaeilge fós mar ghnáth-theanga an phobail in Inis Meáin. I ndaonáireamh 2016 fuaireadh amach go bhfuil Gaeilge ag 84.4% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 80.4% den ndaonra an Ghaeilge chuile lá.

Oidhreacht cuir in eagar

Dún Chonchúir cuir in eagar

 
Dún Chonchúir

Is é Dún Chonchúir an ceann is feiceálaí de chaisil chiorclacha nó ubhchruthacha na n-oileán: an caiseal cloiche is mó d'aon cheann eile dá leithéid in Oileáin Árann. Tá sé suite ar an bpointe is airde d'Inis Meáin.

Dún Fearbhaí cuir in eagar

Is éard atá i gceist le Dún Fearbhaí ná caiseal a tógadh san ochtú nó sa naoú haois. Tá an dún seo neamhghnáthach sa mhéid is go bhfuil cruth cearnógach air seachas an gnáthchruth ciorclach. De réir cosúlachta d’úsáidtí é ar chúiseanna cosanta agus deasghnátha.

Leaba Chinnderig cuir in eagar

Déanann muintir an cheantair oilithreacht bhliantúil chuig an suíomh seo ar an 15 Lúnasa. Uaigh a bhaineann leis an seachtú haois déag AD atá i gceist: de réir an traidisiúin cuireadh banphrionsa Laighneach anseo. Tá sé suite i lár an oileáin taobh thiar de theach an tsagairt.

Cathaoir Synge agus Teach Synge cuir in eagar

 
Teach Synge, atá ina mhúsaem anois

Is amhlaidh gur anseo a fuair JM Synge a chuid inspioráide agus é ag scríobh The Playboy of the Western World, Riders to the Sea srl. Ba mhinic leis teacht chuig Inis Meáín: chaith sé samhraidh 1898-1902 ar an oileán.

Ba í an "chathaoir" an áit ab ansa leis ann. Tá sí le fáil ag barr na haille le taobh Inis Mór agus radharc le fáil ar an oileán sin agus ar an Aigéan Atlantach.

D'fhan an an scríbhneoir i dteaichín Bhríd agus Pháidín Mhic Donnchadha. Tá leabharlann bheag lena thaobh ina bhfuil earraí cuimhneacháin le fáil. Bhí muintir Mhic Dhonnchadha ina gcónaí sa teach go dtí na 1970idí. Tá sé athchóirithe anois agus osclaíodh don phobal é i mí Lúnasa 1999.

Leaba Dhiarmada agus Ghráinne cuir in eagar

Seo an séadchomhartha stairiúil is luaithe in Inis Meáin: uaigh a bhaineann leis an tréimhse neoiliteach nó an Chré-umaois luath (c. 4000 – 1400 roimh Chríost). Fuair sé a ainm ón lánúin tragóideach ó mhiotaseolaíocht ársa na hÉireann.

Teampall na Seacht Mac Rí cuir in eagar

Níl mórán den séipéal seo fágtha. Deirtear go bhfuil an naomh óna bhfaigheann sé a ainm curtha in aice an tséipéil ag an doras ó dheas. San am ar caitheadh b’áit oilithreachta do mhuintir an cheantair agus d’oilithrigh ó mhórthír na hÉireann é. Bíonn stáisiúin anseo gach bliain ar an 15 Lúnasa.

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

  • Coley, Patricia, and J. M. Armer. Inishmaan. London: Queen Mary College Univ, 1959.
  • Quilkin, Rennie Mc. 1999. "Inishmaan". Poetry. 174, no. 5: 277.
  • Synge, J. M. 1903. "A Dream on Inishmaan". Green Sheaf. no. 2: 8-9.
  • Synge, J. M. A Story from Inishmaan. [Dublin: New Ireland Review, 1898.