Sa teirmidinimic, is éard is inneall teasa ann ná gaireas a athraíonn fuinneamh randamach chuig fuinneamh dírithe áisiúil meicniúil.

Inneall teasa Carnot

Déantar an t-athrú seo trí shreabhán oibriúcháin ag ardteocht a chur trí thimthriall teirmidinimiciúil ina dtarlaíonn comhbhrú is forbairt, agus a ndíchuirtear fuinneamh ag teocht níos ísle. Le gach timthriall faightear an difríocht idir fuinneamh an tsreabháin ag an ardteocht (an t-ionchur) is fuinneamh an tsreabháin ag an ísealteocht (an t-aschur) i bhfoirm fuinnimh mheicniúil. I láimhseáil theoiriciúil an timthrialla, glactar leis mar timthriall idéalach, gan aon chailliúint fuinnimh trí fhrithchuimilt, radaíocht ná meicníocht eile. Tá cuid mhaith timthriallta idéalacha ann, ina measc timthriall Carnot, timthriall Diesel, timthriall Otto, agus timthrill Stirling.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall teasa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 370.