Inphriontáil (géinitic)

Sa ghéinitic, próiseas ina gciúnaítear réigiúin ar leith de DNA tuismitheora le linn méóise agus cruthú an ubháin is na speirme. Sa sliocht, ní bheidh na géinte sna réigiúin sin gníomhach. Tarlóidh galar géiniteach sa sliocht má bhíonn giota scriosta amach as DNA an tuismitheora eile ag an réigiún urchomhaireach i leith an réigiúin ar inphriontáileadh air. Samplaí de ghalair mar seo is ea siondróm Angelman agus siondróm Prader-Willi. Ní thuigtear cén fáth a n-inphriontáiltear ar DNA mar seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Inphriontáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.