Maidir le hiompar, próiseas ina bhfoghlaimíonn ainmhithe go tapa cruth, fuaim nó boladh bhaill shuntasacha dá ghné (mar shampla, tuismitheoir nó sliocht), nó de ghrúpaí tábhachtacha (mar shampla, cinn a fhéadfaidh a bheith mar chéile nó iomaitheoir), fiú nuair nach nochtar dóibh iad ach ar feadh achair ghairid. Nuair is tuismitheoir is a shliocht a inphriontálann ar a chéile, tarlaíonn iompar greamaithe/leanúna mar thoradh air.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Inphriontáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.