Seicheamh neamhchódaithe de núicléitídí, agus mar sin bunphéirí, taobh istigh de ghéin ar an DNA a scarann dhá chuid de sheicheamh códaithe (eastróin). Tugtar seicheamh idirghabhálach air freisin. Bíonn níos mó ná iontrón amháin i mbeagnach gach géin. An chéad chóip a dhéantar ó ghéin (an phríomhchóip) is seicheamh comhtheagmheálach de RNA neamhchódaithe (iontróin) is RNA codaithe (eastróin) í. Baintear na hiontróin agus nasctar na heastróin le chéile trí phróiseas spladhsála chun an teachtaire-RNA (mRNA) a dhéanamh. Ní bhíonn sa mRNA ach an seicheamh, gan bhriseadh, a shainíonn an phróitéin. Iompraítear an mRNA amach ón núicléas don chíteaplasma, áit a n-aistrítear an t-eolas géiniteach sa seicheamh seo ina phróitéin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iontrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.