Irisleabhar

cineál foilseacháin

Is foilseacháin iad irisleabhair agus tréimhseacháin a fhoilsítear go rialta, ina bhfuil meascán d'ailt, a mhaoinítear trí fhógraí, trí luach ceannaigh nó trí shíntiúis nó an trí bhealach le chéile. Is féidir irisleabhair a sheachadadh tríd an phost; iad a dhíol ag seastáin nuachta, siopaí leabhair agus miondíoltóirí eile; nó cuirtear ar fáil saor in aisce iad ag ionaid áirithe amhail leabharlanna, siopaí, aerfoirt agus araile.

Irisleabhair ar díol

Is iomaí cineál irisleabhar atá ar fáil sa lá atá inniu ann. Foilsítear irisleabhar do gach cineál duine agus gach cineál ábhar nach mór. Níl sé deacair sainirisleabhair a fháil sna siopaí leabhair móra. Tá tuairim ann gur breá le mná irisleabhair a léamh, go háirithe irisleabhair a bhaineann le héadaí, smideadh, taisteal, leanaí, bia, seodra agus daoine cáiliúla.[fíoras?] De ghnáth, bíonn siopaí leabhair agus seastáin nuachta ag cur thar maol leis na cineálacha irisleabhair áirithe seo. Foilsítear go rialta iad - gach seachtain nó gach mí.

Codarsnacht idir irisleabhar agus nuachtán cuir in eagar

Clóbhuailtear irisleabhair ar pháipéar níos tibhe agus níos snasta ná nuachtán. Bíonn clúdach cineál crua ar irisleabhair; ní bhíonn ar nuachtán. Bíonn líon na leathanach in irisleabhar níos mó ná nuachtán, ach níl sé sin fíor do gach nuachtán agus irisleabhar. Pléitear nuacht agus cúrsaí reatha i nuachtán agus scríobhtar gné-ailt in irisleabhar. Bíonn na scéalta níos dáiríre i nuachtán ná in irisleabhar, ach arís braitheann sé cén nuachtán nó cén irisleabhar atá a gcur i gcodarsnacht lena chéile. Bíonn toisí na leathanach níos mó i nuachtán ná in irisleabhar. De ghnáth, gearrtar luach níos airde ar irisleabhar ná mar a ghearrtar ar nuachtán.

Féach freisin cuir in eagar