Scannán Meiriceánach ón bhliain 1946 is ea It's A Wonderful Life (Is Iontach an Saol É), agus é ar cheann de na scannáin Hollywood is mó a rinneadh riamh. Tá an scéal bunaithe ar an ngearrscéal "The Greatest Gift" le Philip Van Doren Stern agus bhí Frank Capra ina stiúrthóir air, le James Stewart sa pháirt is mó. Cuirtear luathshaol an charachtair George Bedford (Stewart) i láthair sa scannán, ach titeann buaicphointe an scéil amach ar Oíche Nollag, oíche ina bhfuil George in ísle brí le féinmharú ar intinn aige, agus seoltar an t-aingeal coimhdeachta Clarence chun chabhrú leis.

Bosca Sonraí ScannáinIt's a Wonderful Life

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirFrank Capra Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúFrank Capra Cuir in eagar ar Wikidata
Dearthóir léiriúcháinJack Okey Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptFrances Goodrich, Albert Hackett, Jo Swerling, Frank Capra, Michael Wilson agus Philip Van Doren Stern Cuir in eagar ar Wikidata
CeolDimitri Tiomkin Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtJoseph Walker, Joseph F. Biroc agus Victor Milner Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinWilliam Hornbeck Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinLiberty Films agus RKO Pictures Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirRKO Pictures agus Netflix Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú20 Nollaig 1946 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama125 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaCalifornia Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdubh agus bán Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad3,180,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh8,224,626 $ (domhanda)
1,474,573 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Bunaithe arThe Greatest Gift Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrageandráma rómánsúil, scannán fantaisíochta, scannán drámaíochta, scannán spléachaidh siar, scannán grinn, scannán Nollag agus scannán bunaithe ar an litríocht Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAPG Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síangel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaNua-Eabhrac agus Bedford Falls (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáin oifigiúilcatalog.afi.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0038650 Filmaffinity: 682814 Allocine: 5762 Rottentomatoes: m/its_a_wonderful_life Letterboxd: its-a-wonderful-life Mojo: itsawonderfullife Allmovie: v25590 TCM: 79566 Metacritic: movie/its-a-wonderful-life TV.com: movies/its-a-wonderful-life AFI: 27682
Facebook: ItsAWonderfulLifeMovie Cuir in eagar ar Wikidata

Meastar go bhfuil an scannán ar cheann de chlasaicigh na Nollag, agus taispeántar go minic é ag an am seo don bhliain.

Cnámha an scéil cuir in eagar

Buachaill éirimiúil agus gealgháireach is ea George Bedford (Stewart), a éiríonn aníos sa bhaile beag Bedford Falls. Leaid uaillmhianach atá ann, agus bíonn sé meáite i gcónaí an baile beag a fhágáil chun an domhain mór a fheiceáil nuair atá a chuid oideachais críochnaithe aige.

Agus é ina ghasúr dhá bhliain déag d’aois, tagann George i gcabhair ar a dheartháir Harry nuair a bhriseann an leac oighir ar an loch ina bhfuil siad ag súgradh. Tá George ina laoch nuair a sábhálann sé saol a dhearthár, ach faigheann sé ionfhabhtú ina chluas a dhéanann dochar fadtéarmach dá chuid éisteachta. Cuireann sé tús lena shaol oibre ag obair sa chógaslann áitiúil, agus bíonn an t-ádh ar úinéir an tsiopa, Mr. Gower, nuair a thugann George faoi deara go bhfuil oideas contúirteach déanta aige de thaisme.

Cé go bhfuil George ag súil go mór le dul ag taisteal na cruinne, cuireann sé na pleananna seo ar cheal go rialta ar mhaithe le daoine eile. Mar shampla, fanann sé sa bhaile ag obair i gnó an theaghlaigh, banc beag ar a dtugtar an Bailey Savings and Loan, in áit dul go dtí an coláiste, go dtí go bhfuil a dheartháir Harry críochnaithe sa mheánscoil agus réidh chun teach isteach ian áit. Bíonn sé drogallach uaireanta, ach téann sé go mór i gcion ar lucht an bhaile agus custaiméirí an bhainc ach go háirithe.

Tá drochscéal in ann dó chomh maith nuair a bhuailtear a athair le stróc. Is ag an tráth seo a thagann bithiúnach an scéil isteach, an tiarna sluma aosta Mr. Potter. Tapaíonn seisean an deis seo chun chur ina luí ar bhord stiúrtha an bhainc go mba cheart deireadh a chur leis an slí mhaoitheach ina bhronnann an comhlacht iasachtaí saora ar na gcustaiméirí. Pléascann George go feargach nuair a chloiseann sé an mhéid seo, agus tá sé in ann smaointí Photter a dhiúltú. Tacaíonn na stiúrthóirí le George sa deireadh, ach faoi choinníoll amháin – caithfidh seisean fanacht sa bhanc mar cheannaire air. Glacann sé leis, go drogallach, agus tugann sé a airgead scoile dá dheartháir Harry.

Téann Harry ag staidéar, agus fanann George sa bhanc ag súil go mór le filleadh a dhearthár. Tá casadh eile sa scéal in ann do George arís áfach, nuair a fhilleann Harry abhaile le bean chéile nua, gan fhios dá chlann. Tá cúrsaí ag éirí go maith le Harry, agus tá post mór geallta dó ó athair a mná nua. Deartháir maith é Harry, agus deireann sé nach nglacfaidh sé an post. Uair eile cuireann George todhchaí Harry roimh a phleananna féin, agus scaoileann sé le Harry filleadh ar a saol nua.

Pósann George agus Mary sa deireadh, agus socraíonn siad síos le chéile. Agus iad ar tí Bedford Falls a fhágáil ar na meala, feiceann siad trioblóid sa Buildings and Loan. Tá rith ar an mbanc á dhéanamh, rud a fhágann an gnó ar an imeall. Cuireann Potter a ladar isteach arís, agus geallann sé caoga ceint ar an dollar do gach duine ann. Chun an clampar a chur faoi smacht, caithfidh George an 2,000 dollar atá aige ón phósadh a chur ar fáil. Sábhálann sé an lá uair amháin eile, ach le costas ina shaol féin. Cuireann lucht an bhainc a mbuíochas i láthair dó áfach, nuair a socraíonn siad bainis dó ina theach.

Bunaíonn George Páirc Bhailey, scéim tithíochta réasúnta saor, chun faoiseamh a thabhairt dóibh siúd atá ag íoc praghsanna móra do Potter. Déanann Potter a seacht ndícheall an plean a scriosadh. Tugann sé tairiscint phoist do George lena chomhlacht féin, le pá atá ocht n-uair is mó ná an ceann atá aige. Diúltaíonn George go neamhbhalbh.

I gceann tamaill, tá clann óg ag George agus Mary. Nuair a bhriseann an troid amach ag tús an Dara Chogaidh Dhomhanda, níl George i dteideal dul isteach san arm de bharr an mí-ord éisteachta atá aige. Tá an malairt de scéal do Harry, áfach – liostálann sé ina phíolóta agus bronntar an Medal of Honor air ós rud é gur scrios sé 15 eitleán den namhaid, dhá aerárthach kamikaze a bhí ag ionsaí trúpaí. Tá George lán le bród fós, agus ní éad ar bith air as éachtaí Harry.

Ar Oíche Nollag, buaileann Uncail Billy le Potter. Tá Billy ríméadach fós faoi nuacht Harry sa nuachtán, agus úsáideann sé an deis seo chun an nuachtán a thaispeáint dó, chun magadh a dhéanamh. Ina chuid áthais, áfach, cailleann Uncail Billy an 8,000 dollar a bhí le cur isteach sa bhanc. Piocann Potter an t-airgead suas níos déanaí, i ngan fhios d'éinne, agus coinníonn sé é. Drochchasadh sa scéal amach is amach atá ann, ós rud é go bhfuil an cigire an teacht isteach ar an lá céanna chum scrúdú a dhéanamh ar chúrsaí an bhainc. Tá anbhá san oifig arís, agus gach duine ag cuardach an airgid sula bhuaileann an cigire isteach. Sa deireadh thiar, níl an dara rogha ag George ach dul go dtí Potter ag lorg airgid. An uair seo, ámh, baineann Potter sult as ceist Gheorge a dhiúltú.

Tiomáineann George abhaile níos déanaí, ach tá stoirm sneachta ann agus buaileann sé crann lena ghluaisteán. Éalaíonn sé as a timpiste, agus tugann sé aghaidh ar an droichead chun deireadh a chur leis san abhainn. Síleann go bhfuil sé níos luachmhaire marbh ná beo, mar tá árachas saoil de 15,000 dollar aige. Agus an sneachta ag stealladh anuas go trom, seasann George ar imeall an droichid. Ach ar an nóiméad cinniúnach, feiceann sé duine éigin ag léim isteach san abhainn roimhe. Fear liath aosta atá ann, agus is léir nach bhfuil sé in ann snámh. Mar is gnách dó, éiríonn George ar an toirt nuair a fheiceann sé duine eile i gcontúirt. Tarraingíonn sé an fear bocht ó chontúirt na habhainn, agus dearbhaíonn an fear, darb ainm Clarence, gur aingeal atá ann, a seoladh chun cabhair a thabhairt dó.

 
George, agus a aingeal coimhdeachta Clarence

Tá George trína chéile le fearg agus brón, agus maíonn sé gurb fhearr dó gan teacht ar an saol riamh. Taispeánann Clarence saol George mar a bheadh sé mura raibh sé ann, gan rian ar bith fágtha ar an saol. Tosaíonn an bheirt ag siúl tríd an bhaile, ach tá gach uile rud athraithe. Tá an t-ainm Pottersville ar Bhedford Falls, agus is sluma salach é don chuid is mó le tithe tábhairne brocacha ar an príomhshráid. Níor tógadh Bailey Park riamh, ar ndóigh. Fritheadh Mr. Gower ciontach as an páiste a nimhiú, agus chaith sé an chuid is mó dá shaol faoi ghlas mar thoradh. Tá sé saor anois, ach tá sé gafa leis an ól agus caitheann sé a shaol ag lorg déirce ar na sráideanna. Mar an gcéanna, níl aon theach tábhairne ag Martini. Is daoine i bhfad níos doirche iad Ernie agus Bert. Is rinceoir í Violet, agus gabhtar mar pheasghadaí í. Ó thaobh teaghlach George de, tá Uncail Billy gafa i dteach na ngealt leis na mblianta cheana, agus cailleadh Harry mar bhuachaill mar ní raibh George ann chun é a thabhairt slán ón loch. Mar thoradh ar bhás Harry, básaíonn na fir a bheadh sábháilte ag Harry le linn an chogaidh. Is seanbhean uaigneach agus searbh í a mháthair, agus í ag obair i dteach lóistín. Is seanchailín í Mary, ag obair i leabharlann. Tá spéaclaí á chaitheamh aici, a cumas radhairc níos measa mar a bheadh sé gan phósadh George.

Leis an t-uafás seo feicthe aige, impíonn George ar Chlarence agus ar Dhia a shaol a thabhairt ar ais dó. Glactar leis a phaidir, agus téann George ar ais go dtí an nóiméad inar bhuail sé le Clarence. Is mór an faoiseamh agus ábhar áthais atá ann dó. Ritheann George abhaile trí Bedford Falls, sa phíosa is cáiliúla den scannán, le léargas nua ar an mhéid atá bainte amach aige ina shaol. Buaileann sé leis na seancharachtair atá ann fós, agus tá gach rud i mBedford Falls ar ais mar a bhíodh sé i gcónaí.

Tá cuid mhór airgid bailithe ag clann agus cairde chun an Building and Loan a thabhairt slán, an chuid is mó dóibh ag fanacht i dteach George. Filleann Harry ar ais ar an nóiméad céanna, agus ardaíonn sé a gloine in ómós dá dheartháir – “an fear is saibhre sa bhaile”. Feiceann George an grá atá ag lucht an bhaile agus a chlann dó, agus an deá-thionchar a rinne sé ar mBedford Falls. Tuigeann sé don chéad uair, in ainneoin go bhfuil fadhbanna aige, gur iontach an saol atá aige.

Foireann aisteoireachta cuir in eagar

Aisteoir Páirt
James Stewart George Bailey
Donna Reed Mary Hatch Bailey
Lionel Barrymore Mr. Potter (Henry F. Potter)
Thomas Mitchell Uncail Billy Bailey
Henry Travers Clarence Odbody
Beulah Bondi Mrs. Bailey
Frank Faylen Ernie Bishop
Ward Bond Bert
Gloria Grahame Violet Bick
H. B. Warner Mr. Gower
Todd Karns Harry Bailey
Samuel S. Hinds Peter Bailey
Lillian Randolph Annie
Mary Treen Col ceathrair Tilly
Frank Albertson Sam Wainwright
Virginia Patton Ruth Dakin Bailey
Charles Williams Col ceathrair Eustace
William Edmunds Mr. Martini
Bobby Anderson George Bailey ina óige
Sheldon Leonard Nick, an tábhairneoir
Charles Lane an bailitheoir cíosa
Karolyn Grimes Zuzu Bailey
Carol Coomes (AKA Carol Coombs) Janie Bailey