Dia Hiondúch a dtugtar Visniú air freisin, a bhfuil teampall ina onóir i bPuri na hIndia. Dhá chiall ghaolmhara a bhíonn leis an bhfocal in iarthar an Domhain: fórsa ollmhór dochoiscthe, agus feithicil ollmhór tarracóra/leantóra. Meastar go dtagann sé seo ó ghnás lucht leanta an dé iad féin a chaitheamh faoi rotha na cairte a iompraíonn íomhá an dé i mórshiúl a fhéile.[1]

Carr Iugarnáit i bpictiúr ón mbliain 1851


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iugarnáit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 379.