Bunaitheoir na sceallóglann Beshoff's in Éirinn ab ea Ivan Beshoff (c. 1885 – 1987). Nuair a bhí sé óg, bhí sé ina mhairnéalach i gCabhlach Impireacht na Rúise, agus ghlac sé páirt sa cheannairc chlúiteach ar an long chogaidh Potemkin i Meitheamh 1905.

Infotaula de personaIvan Beshoff
Beathaisnéis
Breith1885
Dúiche Odesa, Impireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Deireadh Fómhair 1987
101/102 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Beshoff i mbaile 5 km ó Odesa i gCúige Kherson, cuid d'Impireacht na Rúise ag an am sin, agus cúige de chuid na hÚcráine sa lá atá inniu ann. Bhí a athair ina bhreitheamh.

Tar éis dó páirt a ghlacadh sa cheannairc ar an long chogaidh Potemkin i 1905, dhiúltaigh sé filleadh ar an Rúis agus d'fhan sé sa Rómáin, áit ar ghéill na ceannaircigh do na húdaráis. An bhliain dár gcionn, ag baint úsáide as dintiúir bhrionnaithe, chuaigh sé go dtí an Tuirc, agus ansin go dtí Sasana. Chas sé le Leinín i Londain, agus chuir Leinín in aithne do Shéamas Ó Lorcáin é. Thug Beshoff cuairt ar Éirinn i 1913, agus é ar a bhealach go Ceanada. Nuair a d'imigh an bád air, bheartaigh sé fanacht in Éirinn.[1]

Saol in Éirinn cuir in eagar

Thosaigh sé ag obair don chomhlacht Russian Oil Products, agus d'fhan sé sa phost sin go dtí gur stop an comhlacht ag trádáil sa bhliain 1940. I 1922, gabhadh é ar amhras go raibh sé ina spiaire agus cuireadh i bpríosún é, agus gabhadh arís é i 1932 (níl sé soiléir cén fáth).

Bhí Ivan pósta agus bhí clann aige in Éirinn. Am éigin le linn nó i ndiaidh na hÉigeandála (1939–1945), d'oscail sé sceallóglann i mBaile Átha Cliath.[1] Lean baill den teaghlach ar aghaidh leis an ngnó, agus anois tá cúig shiopa acu timpeall Bhaile Átha Cliath.[2]

Mhaígh a gharmhac John Beshoff gur thug a sheanathair cuairt ar an Aontas Sóivéadach trí huaire, agus, cé gur scoir sé ón ghnó ag aois 82, gur fhan sé gníomhach go dtí deireadh a shaoil.

Fuair Ivan Beshoff bás i mBaile Átha Cliath ar 25 Deireadh Fómhair 1987.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Beshoff, Ivan {!} Dictionary of Irish Biography". Dáta rochtana: 2023-07-10.
  2. "Stores — Beshoff Bros". Dáta rochtana: 2023-07-10.