James Jerome Gibson

síceolaí Meiriceánach

Síceolaí a rugadh i McConnelsville, Ohio ab ea James Jerome Gibson (27 Eanáir 1904 - 11 Nollaig 1979). Le linn an dara cogadh domhanda, ina stiúrthóir ar aonad taighde de chuid aerfhórsa Mheiriceá a bhí dírithe ar shíceolaíocht aerloingseoireachta. Shaothraigh sé teoiric shuntasach an radhairc ina leabhar The Perception of the Visual World (Aireachtáil Dhomhan an Amhairc, 1950). Thairg sé gurb é atá in aireachtáil radhairc ná brath díreach na réad do-athraitheach sa Domhan os ár gcomhair, agus nach bhfuil aon infeiriú ná próiseáil eolais i gceist.[1]

Infotaula de personaJames Jerome Gibson
Beathaisnéis
Breith27 Eanáir 1904
McConnelsville, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Nollaig 1979
75 bliana d'aois
Ithaca, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Princeton - fealsúnacht
Ollscoil Princeton - síceolaíocht (–1928) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaHerbert Langfeld
Gníomhaíocht
Réimse oibreSíceolaíocht, ecological psychology (en) Aistrigh, Radharc agus environmental psychology (en) Aistrigh
Gairmsíceolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Smith Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaJacob Beck
Teaghlach
CéileEleanor J. Gibson Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "James Jerome Gibson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.