Jan Breydel

réabhlóidí Beilgeach

Cuirtear i leith Jan Breydel (a rugadh i mBrugge sa 13ú haois) go raibh sé i gceannas an Brugse Metten, sé sin, an ceannairc in aghaidh Pilib IV na Fraince (Fraincis: Philippe IV de France). Stiúir Breydel a bhí ina bhúistéir, mar aon le Pieter de Coninck a bhí ina bhfíodóir, an Brugse Metten i mí na Bealtaine, sa bhliain 1302. Thart ar trí seachtaine roimh, ar an 1ú Bealtaine, bhí siad páirteach in ionsaí ar chaisleán Mhale agus i ndíothúchán iomlán a gharastúin Fhrainceach. Léiríonn na cartlanna i mBrugge, go raibh Jan Breydel i láthair ó 8 Iúil go dtí 10 Iúil, 1302, i gKortrijk, mar soláthraí feoil do na trúpaí. Ar bhonn an taifead seo, glactar leis go ginearálta go raibh sé ag throid ar an 11ú Iúil, sa bhliain 1302 i gCath na Spor Ór (Ollainnis:Guldensporenslag).

Infotaula de personaJan Breydel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 haois
Bás14 haois
Gníomhaíocht
Gairmbúistéir Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
CoinbhleachtFranco-Flemish War (en) Aistrigh

Dealbh chuimhneacháin Jan Breydel agus Pieter de Coninck san Grote Markt i mBrugge.