Jiang Qing
Ban-aisteoir Síneach, an 4ú bhean ag Mao Zedong, agus duine tábhachtach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne ab ea Jiang Qing (Sínis: 江青, pinyin: Jiāng Qīng; 19 Márta 1914 – 14 Bealtaine 1991).
Ainm sa teanga dhúchais | (zh-cn) 江青 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (zh-cn) Lǐ Shūméng 5 Márta 1914 Zhucheng, Daon-Phoblacht na Síne |
Bás | 14 Bealtaine 1991 77 bliana d'aois Ospidéal Bhéising, Daon-Phoblacht na Síne |
Siocair bháis | Féinmharú (Crochadh) |
Áit adhlactha | Beijing Futian Cemetery (en) |
Céile Uachtarán Daon-Phoblacht na Síne | |
1 Deireadh Fómhair 1949 – 27 Aibreán 1959 – Wang Guangmei → | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Lan Ping |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Náisiúnta Qingdao |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht agus polaitíocht |
Gairm | ban-aisteoir, polaiteoir, aisteoir scannáin |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na Síne |
Ball de | |
Gluaiseacht | Maochas agus polaitíocht radacach |
Teangacha | An tSínis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Daon-Phoblacht na Síne |
Coinbhleacht | Réabhlóid Chultúrtha na Síne |
Eile | |
Céile | Tang Na (1936–1936) Mao Zedong (1939–1976) |
Páiste | Li Na ( Mao Zedong) |
Duine muinteartha | Huang Jing () |
Ciontaíodh i | counter-revolution (en) (1981) → (death sentence with reprieve (en) ) false accusation (en) (1981) |
Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.
Saol cuir in eagar
Faoin ainm Lǐ Shūméng a rugadh í in Zhucheng, Cúige Shandong in oirthear na tíre. Níos déanaí, bhain sí úsáid as 'Lan Ping" (蓝苹) nuair a bhí sí ina haisteoir agus bhí ainmneacha eile uirthi le linn a saoil.
An 4ú bhean ag Mao Zedong, Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne agus Cathaoirleach Pháirtí Chumannach na Síne, a bhí inti. Phós sí Mao in Yan'an i mí na Samhna, 1938, agus ise Chéadbhean na daonphoblachta i mblianta tosaigh an rialtais cumannaigh. Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.
Roimh bhás Mao, bhí cuid mhór den saol poiblí sa tSín faoi smacht Dhrong an Cheathrair, na meáin agus an bholscaireacht san áireamh.
Meath cuir in eagar
Bhraith cumhacht Jiang Qing ar Mao, agus ba mhinic a bhí sí i gcodarsnacht leis na ceannairí móra eile sa tír. Bhásaigh Mao sa bhliain 1976 agus ba bhuille mhór di agus dá huaillmhianacha é. Rinne Hua Guofeng agus a chomhghleacaithe í a ghabhadh i mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna. Cháin údaráisí an pháirtí í ag an am céanna.
Ó shin i leith, tá sé curtha ina leith go hoifigiúil gur bhall í de "Dhrong Fhrithréabhlóideach Lin Biao". Cuireadh an locht ar an drong sin as an damáiste agus scriosadh a rinneadh le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne.
Bás cuir in eagar
Daoradh chun báis í ach iomalartaíodh an breithiúnas sin go príosúnacht saoil sa bhliain 1983. Scaoileadh í i gcomhair chóiriú leighis. Ansin chuir sí lámh ina bhás féin i mí na Bealtaine sa bhliain 1991.[1][2]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Stefan R. Landsberger (2008). "Madame Mao: Sharing Power with the Chairman".
- ↑ "New York Times". "Suicide of Jiang Qing, Mao's Widow, reported". Kristof, Nicholas D. (5 Meith. 1991) Dáta rochtana: 13 Noll. 2012; do Vicipéid na Gaeilge, 8 Meith. 2016