John Kay

ceapadóir Briotanach

Ceapadóir a saolaíodh gar do Bury Shasana ab ea John Kay (16 Iúil 1704 - 1779). Agus é i bhfeighil muileann cadáis a athar, d'fheabhsaigh sé an t-innealra, agus i 1733 fuair paitinn ar an eitspól, an fhionnachtain is tábhachtaí i stair an innealra fíodóireachta, b'fhéidir. Ghlac na fíodóirí leis an bhforbairt go fonnmhar, ach ní raibh fonn orthu dleachtaí an cheapadóra a íoc. D'ionsaigh slua fíodóirí a theach, mar gheall ar an mbagairt dá slí bheatha óna fhionnachtain. Theith sé don Fhrainc, áit a bhfuair bás ina bhochtán.[1]

Infotaula de personaJohn Kay

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Iúil 1704
Bury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1779
74/75 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "John Kay". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 385.