Jorge Semprún

scríbhneoir Spáinneach

Scríbhneoir Spáinneach a bhí in Jorge Semprún Maura agus é ag scríobh i bhFraincis. Rugadh Semprún i Maidrid, príomhchathair na Spáinne, ar an 10 Mí na Nollag 1923 agus shíothlaigh sé i bPáras, an Fhrainc, ar an 7 Meitheamh 2011.

Infotaula de personaJorge Semprún

(2009, Montpellier) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Nollaig 1923
Maidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Meitheamh 2011
87 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Aire Cultúir na Spáinne
12 Iúil 1988 – 12 Márta 1991
← Javier SolanaJordi Solé Tura → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Henri-IV Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreNa taibhealaíona
Gairmscríbhneoir scripte, polaiteoir, scríbhneoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Spáinne (1942–1964) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal
Ainm cleiteFederico Sánchez Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileLoleh Bellon (1949–)
Colette Leloup (1958–2007) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePablo Semprún
 ( Colette Leloup)
Ricardo Semprun
 ( Colette Leloup)
Jaime Semprun
 ( Loleh Bellon) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosé María Semprún Gurrea  agus Susana Maura Gamazo (en) Aistrigh
SiblínCarlos Semprún
Ainmnithe do


IMDB: nm0783934 Allocine: 35618 Allmovie: p110785
Musicbrainz: 70b2ef3a-47ed-4dc4-a760-05eb575389d3 Discogs: 1204240 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir liobrálach ab ea athair Semprún agus bhí athair a mháthar ina Phríomh-Aire ar an Spáinn roinnt ócáidí. Teaghlach polaitiúil a bhí iontu mar sin, agus b'éigean dóibh dul ar lorg tearmainn san Fhrainc nuair a chuaigh an deachtóir Francisco Franco i gcumhacht. D'fhreastail Jorge óg ar scoil san Fhrainc agus nuair a thosaigh sé ag scríobh ba í an Fhraincis teanga a chuid saothar cé nach ndearna sé dearmad dá thír dhúchais ná dá theanga dhúchais riamh.

Bhí Semprún an-pháirteach in imeachtaí drámatúla na fichiú haoise. Nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Fhrainc, chuaigh sé leis an ngluaiseacht frithbheartaíochta. Chimigh na Gearmánaigh é agus chaith sé cúpla bliain i gcampaí míchlúiteacha géibhinn na Naitsithe. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh d'fhill Semprún go dtí an Fhrainc agus chuaigh sé sna Cumannaigh, is é sin páirtí rúnda na gCumannach Spáinneach san Fhrainc. Roimhe sin féin bhí sé ag comhoibriú leis na Cumannaigh a bhí an-ghníomhach sa ghluaiseacht frithbheartaíochta.

Ghlac Semprún páirt i ngníomhaíochtaí rúnda an pháirtí sa Spáinn agus bhain sé amach suíochán i gcoiste gnó an pháirtí, ach de réir a chéile d'éirigh idir é agus an páirtí, agus sa bhliain 1964 caitheadh amach as an bpáirtí é. Ón lá sin amach dhírigh sé ar a chuid scríbhneoireachta thar aon rud eile.

Scríbhneoir thar a bheith bisiúil a bhí in Jorge Semprún, agus tá ábhar a chuid scéalta fite fuaite le himeachtaí a shaoil. Chum sé úrscéal dírbheathaisnéisiúil faoi na blianta sa Pháirtí Chumannach, Autobiografía de Federico Sánchez as Spáinnis ("Dírbheathaisnéis Federico Sánchez" - ba é Federico Sánchez an t-ainm rúnda a bhí air sa Pháirtí Chumannach) agus dhá úrscéal Fraincise faoin tréimhse a chaith sé i gcampa géibhinn Buchenwald, Grand Voyage agus Quel beau dimanche. Eisean a scríobh an script don scannán cháiliúil úd Z leis an stiúrthóir Francach-Ghréagach Costa-Gavras fosta.