José Raúl Capablanca

imreoir fichille Cúbach

Imreoir fichille Cúbach ab ea José Raúl Capablanca y Graupera (19 Samhain 1888 – 8 Márta 1942) a bhí ina churadh domhanda ó 1921 go 1927. Ba pháiste éachtach é, agus bhain sé cáil mhór amach as a scil iontach sa chor deiridh agus as a himirt sciobtha. Rugadh Capablanca sa bhliain 1888 i Castillo del Príncipe, La Habana. Bhuail sé curaidh Chúba Juan Corzo i gcluiche ar 1901, dhá lá roimh a 13ú breithlá.[1] Mar gheall ar a bhua ar Frank Marshall i gcluiche i 1909 fuair sé cuireadh chuig comórtas San Sebastian 1911, a bhuaigh sé chun tosaigh ar imreoirí leithéidí Akiba Rubinstein, Aron Nimzowitsch agus Siegbert Tarrasch. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí sraith buanna ag Capablanca agus rinne sé iarrachtaí cluiche a shocrú le curaidh an domhain Emanuel Lasker i gcaitheamh deich mbliana. Nuair a thárlaigh an cluiche faoi dheireadh, bhuaigh Capablanca an teideal curadh domhain fichille i 1921. Níor chaill sé cluiche fichille ó 10 Feabhra 1916 go 21 Márta 1924.

Infotaula de personaJosé Raúl Capablanca
Ainm sa teanga dhúchais(es) José Raúl Capablanca y Graupera
Beathaisnéis
Breith19 Samhain 1888
La Habana (Impireacht na Spáinne)
Bás8 Márta 1942
53 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Rith fola ceirbreach)
Áit adhlacthaReilig Colón Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia
Fu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicheall agus taidhleoireacht
Gairmimreoir fichille, scríbhneoir neamhfhicsin, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis, an Chatalóinis, Béarla agus an Rúisis
Tír spóirtCúba Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
19398ú hOilimpiad na Fichille Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGloria Simoni Betancourt
Olga Capablanca Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0134908 Find a Grave: 17455640 Cuir in eagar ar Wikidata

Chaill Capablanca an teideal i 1927 in aghaidh Alexander Alekhine, nach raibh bua ar bith bainte amach aige in aghaidh Capablanca roimh ré. Tar éis go leor iarrachtaí gan rath athimirt a shocrú ar feadh na mblianta fada, d’éirigh an caidreamh eatarthu nimhneach. Lean Capablanca le bheith rathúil sa chomórtais sa tréimhse seo ach tharraing sé siar ó fhichille dáiríre sna 1930idí. Thosaigh sé fulaingt le fadhbanna sláinte sa tréimhse seo, le brú fola ard agus fuair sé bás i 1942 de rith fola ceirbreach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Miguel A. Sánchez (2015). "Jose Raul Capablanca: A Chess Biography": l. 77. ISSN 9781476614991.