Julius Pokorny

teangeolaí Ostarach

Ba scoláire é Julius Pokorny (12 Meitheamh 18878 Aibreán 1970) a raibh an-chur amach aige ar na teangacha Ceilteacha, agus ar an nGaeilge go háirithe.[1] Thacaigh sé le náisiúnachas na hÉireann.

Infotaula de personaJulius Pokorny
Beathaisnéis
Breith12 Meitheamh 1887
Prág Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Aibreán 1970
82 bliana d'aois
Zürich, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBuailte ag feithicil
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht agus léann Ceilteach
Suíomh oibre Vín
Zürich
Beirn
Beirlín
München Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Vín
Ollscoil Ludwig Maximilian, München
Ollscoil Erlangen-Nürnberg
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Bern
Ollscoil Zürich
Ollscoil Kiel Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Rugadh i bPrág, san Ostair-Ungáir é agus d’fhreastail sé ar Ollscoil Vín, áit ar theagasc sé ón mbliain 1913 go dtí 1920. Bhí sé na ollamh le focleolaíocht Cheilteach ag Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín ó 1920 go dtí 1935, sular fhionn na Naitsithe, d’ainneoin gur thacaigh sé leis an náisiúnachas Gearmánach a bhí ann, gur den chine Giúdach é.

Bhí comhfhreagras idir é féin agus Ruairí Mac Easmainn agus iad i mBeirlín agus san Ostair faoi seach i Mí an Mhárta sa bhliain 1916.[2]

Bhí sé ina eagarthóir ar an iris thábhachtach Zeitschrift für celtische Philologie roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus ba eisean a chuir os comhair an phobail in athuair í ina dhiaidh sin.

D'éalaigh sé go dtí an Eilvéis sa bhliain 1943,[3] áit ar theagasc sé ar feadh cúpla bliain ag Ollscoil Bherne agus ag Ollscoil Zürich go dtí gur éirigh sé as i 1959. Sa bhliain 1954, bronnadh ollúnacht oinigh air ag Ollscoil Ludwich-Maximillian, München, mar ar mhúin sé go páirtaimseartha i 1956 agus arís ó 1960 go dtí 1965. Ba é a scríobh Indogermanisches etymologisches Wörterbuch (Foclóir Sanasaíochta Ind-Eorpacha, 1956), saothar atá in úsáid go forleathan fós inniu. D’éag sé in Zürich ar an 8 Aibreán 1970, beagnach trí seachtaine tar éis do thram é a leagan i ngar dá bhaile féin.


Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “POKORNY, Julius (1887–1970) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Reinhard R. Doerries, Prelude to the Easter Rising: Sir Roger Casement in Imperial Germany, Frank Cass, London & Portland 2000, p. 189,
  3. Keogh p. 103

Naisc sheachtracha cuir in eagar