Córas déantúsaíochta a d'fhorbair comhlacht Toyota i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ciallaíonn an focal ‘clár eolais’, agus tugtar an córas díreach in am air freisin. Is í a aidhm ná déantúsaíocht chomh héifeachtach agus is féidir a bhaint amach gan stóir mhóra comhpháirteanna. Déanann fotháirgeoirí páirteanna ar leith, á soláthar don líne táirgthe díreach in am. Bíonn bosca páirteanna gar don chuid oiriúnach den líne táirgthe agus clár eolais air chun cur in iúl do na fotháirgeoirí gur gá páirteanna breise a sholáthar. D'éirigh go maith leis, agus leath sé ar fud an iarthair freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Kanban". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.