Kate Bush

Amhránaí, pianódóir agus cumadóir Béarla (rugadh 1958)

Is amhránaí agus scríbhneoir eisceachtúil í Catherine (Kate) Bush, de shliocht Éireannach,[1][2] a rugadh i mBexleyheath i Londain ar an 30 Iúil 1958.[3] Tháinig na hamhráin dá cuid is mó a raibh ráchairt orthu sna blianta 1978-1985. Ba mhór an tionchar a bhí aici ar an chéad ghlúin eile. Níl albam nua eisithe aici ó 2011.

Infotaula de personaKate Bush

(1981) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Catherine Bush
30 Iúil 1958
65 bliana d'aois
Bexleyheath, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon South East Colleges (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCumadóireacht
Gairmceoltóir, aisteoir scannáin, amhránaí, cumadóir amhrán, ealaíontóir taifeadta, léiritheoir ceirníní, mímeadóir, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975 –
Ball de
SeánraPopcheol ealaine, progressive pop (en) Aistrigh, singer-songwriter music (en) Aistrigh, pop barócach, experimental pop (en) Aistrigh, rac-ealaine agus popcheol rac
TeangachaBéarla
Cineál guthaSoprán

UirlisGiotár, pianó, dordveidhil, dordghiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilEMI
Harvest
Columbia Records
EMI Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcearáité Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíDel Palmer Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínJohn Carder Bush agus Paddy Bush
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkatebush.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0124165 Allocine: 36242 Rottentomatoes: celebrity/kate_bush Allmovie: p9859 Metacritic: person/kate-bush AFI: 413796
Facebook: katebush Twitter: KateBushMusic Instagram: katebushmusic Youtube: UC31hY7kg7CUOBpdyn9d_gYA Vimeo: katebushmusic Bandcamp: katebush Souncloud: kate-bush-official Spotify: 1aSxMhuvixZ8h9dK9jIDwL iTunes: 487277 Last fm: Kate+Bush Musicbrainz: 4b585938-f271-45e2-b19a-91c634b5e396 Songkick: 429022 Discogs: 85929 Allmusic: mn0000855423 Deezer: 1049 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

De shliocht Éireannach cuir in eagar

As Contae Phort Láirge a tháinig a máthair, Hannah Daly (1918 - 1992) agus bhí bua an cheoil aici. Bhí caidreamh an-dlúth idir Kate agus a máthair.

Rinneadh Kate taifead de "Mná na hÉireann" as Gaeilge, in éineacht le Donal Lunny, sa bhliain 1996.[4]

Óige cuir in eagar

Nuair a bhí Kate sé bliana déag, thacaigh David Gilmour (ball den bhanna iomráiteach Pink Floyd) léi demo a thaifead. Ní fada go raibh conradh taifeadta sínithe aici le EMI. Chaith Kate dhá bhliain ag scríobh, ag taifead, ag déanamh gigeanna i dtithe tábhairne beaga thart ar London, agus ag déanamh traenáil damhsa le Lindsey Kemp, ionas go mbeadh sí ullamh le bheith ina réalta phopcheoil.[5]

Bhí a céad albam críochnaithe ag deireadh 1977 agus saothar réabhlóideach a bhí ann. Ar The Kick Inside, scríobh agus chan Kate na hamhráin ar fad ina haonar, agus rinne sí go leor den tionlacan ceoil ar an albam. Is é Andrew Powell a bhí roghnaithe le léiriú a dhéanamh ar an gceirnín seo, ach ní raibh aon duine in ann a shéanadh gurb í Kate a bhí ag croílár an tsaothair seo.[5]

Bean ghnó agus cheanntréan cuir in eagar

Duine staidéarach a bhí inti ón tús, agus féith an ghnó go smior inti. Tháinig géarchéim chun cinn nuair a bhí Kate agus EMI ag iarraidh a céad singil a roghnú. Thaitin an t-amhrán rac ‘James and the Cold Gun’ go mór leis an gcomhlacht, ach bhí Kate go mór i bhfabhar ‘Wuthering Heights’, eisithe ar 20 Eanáir 1978.[6]

Sheas Kate an fód. Bhain ‘Wuthering Heights’ barr na cairte amach i Márta 1978. Sna seachtóidí, is fíorannamh a bhí an meas agus an cead tugtha do mhná a bheith i gceannas mar seo. Bhí Kate Bush ag briseadh talamh nua.[5]

Go luath ina dhiaidh sin, bhunaigh Kate a comhlacht foilseacháin féin, Kate Bush Publishing, agus a foireann bainistíochta féin, Novercia, le bheith i gceannas ar gach gné dá ceard agus dá gairm bheatha. Tá srian coimeádta aici ar a saol agus a saothar ó shin.

Físeáin cuir in eagar

Lean sí leis an nós seo agus í ag canadh ar an teilifís agus sna físeáin cheoil a chruthaigh sí dá amhráin. Ní raibh MTV ar an bhfód ag an am seo go fóill, ach thuig Kate cé chomh cumhachtach is a bhí físeáin lena cuid ceoil a scaipeadh.

Bhí a cuid físeáin ceoil ar nós gearrscannáin, lán de scéalaíocht, drámaíocht agus cóiréagrafaíocht den scoth. Is dea-shamplaí iad ‘Breathing’, ‘Babooshka’, agus ‘Army Dreamers’ den chaighdeán fíorard a bhain Kate amach lena cuid saothar i luathbhlianta na bhfíseán ceoil.[5]

Ar chamchuairt cuir in eagar

Nuair a rinne Kate a céad chamchuairt, lean sí uirthi leis an cheannródaíocht. Theastaigh uaithi a bheith in ann canadh agus damhsa ag an am céanna agus í ag déanamh The Tour Of Life, agus chruthaigh Kate agus a hinnealtóir fuaime, Martin Fisher, gléas cinn le cabhrú léi an sprioc seo a bhaint amach.[5]

 
45' Wuthering Heights, 20 Eanáir 1978[6]

Is léir an tionchar a bhí ag The Tour Of Life ar cheoltóirí ar nós Madonna, Janet Jackson, Britney Spears agus Lady Gaga a tháinig ina diaidh. D’úsáid Kate damhsa, draíocht, mím, soilse agus go leor eilimintí eile le cur leis an gceol, ar bhealach nach ndearna popamhránaithe roimhe sin.

Níor thaitin camchuairteanna go mór le Kate agus ní dhearna sí ceolchoirm bheo arís go dtí 2014, nuair a rinne sí cónaitheacht sa Hammersmith Apollo i Londain dar teideal Before The Dawn. Dhírigh Kate ar an taifeadadh, seachas dul amach ar chamchuairteanna, agus d’éirigh a saothar níos eisceachtúla dá bharr.

 
Wuthering Heights day, Melbourne Australia sa bhliain 2016

Never For Ever cuir in eagar

Lena tríú halbam Never For Ever, a eisíodh i 1980, bhí Kate i mbun léirithe den chéad uair, i gcuideachta Jon Kelly.

Ba é Never For Ever[7] an chéad albam, go hiomlán scríofa agus canta ag bean, a bhain barr na cairte amach sa Bhreatain. Ar Never For Ever, baineadh úsáid as uirlisí agus gléasanna nua ar nós an Fairlight CMI, sintéiseoirí agus meaisíní drumadóireachta. Chuaigh Kate sa seans, ach b’fhiú é. Is é Never For Ever an chéad albam atá go hiomlán scríofa agus canta ag bean a bhain barr na cairte amach.

 
Kate Bush, 2014

Bhí clú agus cáil ar Kate faoin am seo, ach bhí sí fós míshocair. Bhí dúshlán uaithi agus theastaigh uaithi a bheith go hiomlán i gceannas ar gach uile ghné den taifead. Fuair sé réidh leis na léiritheoirí agus chomhlíon sí na dualgais seo í féin. Ní raibh aon amhránaí nó cumadóir ar bhean iad chomh ceannródaíoch, ag tús na n-ochtóidí, agus a bhí Kate. Bhí sí i gcónaí ar thús cadhnaíochta.[5]

The Dreaming cuir in eagar

 
Kate Bush, Camchuairt Before The Dawn, 1 D.F. 2014

Tháinig a ceathrú albam The Dreaming amach i 1982. I ndiaidh di breis agus bliain a chaitheamh ar an gceirnín, idir chumadóireacht, canadh, taifead agus léiriú, rinneadh cáineadh trom ar The Dreaming. Chuir an méid cruthaíochta, na téamaí agus liricí teibí agus an cheannródaíocht as don phreas ceoil.

Níor thuig an pobal mór The Dreaming ar dtús agus dhíol sé thart ar 60,000 cóip, céatadán beag den mhéid a bhí a dhíol aici roimhe sin. Bhí mearbhall ar roinnt mhaith daoine agus iad ag iarraidh The Dreaming a thuiscint, agus bhí roinnt mhaith daoine a cheap go raibh sí craiceáilte.[5]

Hounds Of Love cuir in eagar

Bhunaigh sí stiúideo i scioból taobh thiar dá teach féin. D’fhan Kate i bhfolach ón phobal ar feadh dhá bhliain agus í ag scríobh, ag cruthú, ag smaoineamh agus ag triail. Nuair a tháinig sí ar ais i 1985, bhí a mórshaothar Hounds Of Love críochnaithe aici.

Ní raibh albam cosúil le Hounds Of Love eisithe ag aon bhean, nó ag aon fhear, roimhe sin. Bhí dhá thaobh uilíocha ar Hounds Of Love; cúig phopamhrán ar thaobh amháin agus seacht n-amhrán idircheangailte dar teideal The Ninth Wave ar an taobh eile. Thug an preas céanna a stróic The Dreaming as a chéile ardmholadh do Hounds Of Love.[5]

Is as an mórshaothar seo a thagann Running Up That Hill, ag barr na gcairteacha arís sa bhliain 2022.

1989-2011 cuir in eagar

Tháinig n-albaim The Sensual World (1989) agus The Red Shoes(1993), sula ndeachaigh sí i bhfolach ar feadh tréimhse dhá bhliain déag. D’fhill sí i 2005 le Aerial, ceirnín dúbailte a thaispeáin dúinn go raibh sí níos uaillmhianaí agus níos tréithí ná mar a bhí sí riamh. Lean a cuid cruthaíochta ar aghaidh le dhá albam i 2011; Director’s Cut agus albam Nollag dar teideal 50 Words For Snow.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ed Power (2022-06-29). "Kate Bush: Eight Irish connections - from her Dungarvan mother to an appearance on the Late Late Show" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  2. Eamon Sweeney. "Why Kate Bush is so proud of her Irish roots" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  3. RTÉ / The Late Late Show le Gay Byrne (1978). "Kate Bush Interview, Ireland" (as en). 
  4. "FEATURE: My Lagan Love: Kate Bush and the Irish Connection" (en-US). Music Musings & Such. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 Seán Ó Dubhchon (27ú Meitheamh 2022). "Kate Bush – an ceannródaí ceilte" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-08-05.
  6. 6.0 6.1 "Wuthering Heights (song)" (as en) (2022-08-02). Wikipedia. 
  7. "Never for Ever" (as en) (2022-07-30). Wikipedia.