Katy French

péiceallán agus mainicín Éireannach

Ba mhainicín Éireannach í Katy Ellen French (31 Deireadh Fómhair 19836 Nollaig 2007) a bhí gníomhach i saol sóisialta Bhaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain ach a fuair bás go tragóideach de bharr ródháileog drugaí (cócaon).

Infotaula de personaKaty French
Beathaisnéis
Breith31 Deireadh Fómhair 1983
Basel, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Nollaig 2007
24 bliana d'aois
An Uaimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisRódháileog
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Alexandra Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan54 kg
Gníomhaíocht
Gairmmainicín, péiceallán, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinkatyfrench.ie…
IMDB: nm2435180 Find a Grave: 23274491 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhuille mór é an nuacht faoi bhás Katy French don saol i gcoitinne. Bean óg ceithre bliana is fiche d’aois ab ea í ar tháinig an bás aniar aduaidh uirthi agus í i mbláth na hóige agus í i mbarr a réime.

Saol cuir in eagar

Rugadh Katy ar an 31 Deireadh Fómhair 1983 i mBasel san Eilvéis. Bhí ceathrar ina teaghlach: a máthair Janet, a hathair John agus a deirfiúr níb óige Jill. Bhog a muintir go hÉirinn nuair a bhí sí dhá bhliain d’aois. Bhí sí ina cónaí in Áth an Ghainimh ar feadh tamaill ghairid agus ina dhiaidh sin d’aistrigh an teaghlach go hÁth na Sceire i gCo. Chill Mhantáin.

Gairm cuir in eagar

D’fhreastail Katy ar Choláiste Alexandra, scoil phríobháideach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ó bhí sí seacht mbliana d’aois. Bhí síceolaíocht agus socheolaíocht ar bun aici in Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar feadh tamaill sular thosaigh sí ag obair mar mhainicín go lánaimseartha don chomhlacht Assets Modelling agus í naoi mbliana déag d’aois. Rinne sí neart oibre leis na comhlachtaí móra Sony Ericsson agus Suzuki. D’éirigh thar barr léi i rith an ama sin. De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh, tháinig ainm Katy French chun cinn ní bá mhó ná riamh.

Taobh istigh de dhá bhliain bhí sí aitheanta mar mhainicín cáiliúil i measc mhuintir na hÉireann. Chonacthas í ar chláir theilifíse ar nós The Podge and Rodge Show, The Late Late Show agus Celebrities Go wild. Ba chlár réaltachta é Celebrities Go wild. Ba í duine d’ochtar a roghnaíodh don chlár. Bhí ar an lucht féachana vótaí a chaitheamh ar son na ndaoine ar mhaith leo an bua a bheith acu. Bhí neart tascanna deacra le déanamh aici, rud a thaispeáin a dúil chun an lámh in uachtar a fháil. Faraor, chaill sí a vóta agus bhí uirthi imeacht.

Bhíodh sí mar aoi speisialta ar an gclár siamsaíochta Tubridy Tonight. Chomh maith leis sin, bhí sí ag obair ar chlár píolóta faoi mhainicíneacht lena cómhainicín Andrea Roche sula bhfuair sí bás. Craoladh an clár Diary of a model i ndiaidh a báis, rud a léirigh an sórt saoil a bhí ag mainicíní éagsúla ó gach cearn den tír, í féin ina measc.

Bhí sí le feiceáil go minic ag ócáidí móra ar fud chathair Bhaile Átha Cliath go háirithe. Cheiliúraigh sí a breithlá féin i gclub oíche darb ainm Krystal ar Shráid Fhearchair, áit a bhfuil clú agus cáil air i measc na n-iomráiteach mór le rá sa saol. Thaitin cultúr an iomráitigh go mór léi agus gach a bhain leis.

Chuidigh sí go mór leis an gcarthanacht ‘Goal’. Chaith sí tréimhse ag obair leo i gCalcúta san India, rud a chabhraigh go mór léi aitheantas a fháil.

Chomh maith leis sin, scríobh sí ailt go rialta don iris Social and Personal Magazine. Sheol sí scéalta príobháideacha chuig na nuachtáin go rialta. Dúradh gurb é an laige ba mhó a bhí aici ná an grá agus an dúil a bhí aici sa cheamara.

Ní raibh eagla ar bith uirthi roimh nuachtán nó iriseoir. Nocht sí a cuid tuairimí go poiblí cé gur cáineadh iad uaireanta. Labhair sí go hoscailte faoi chúrsaí gnéis agus faoi ghnéasadh. Dúirt sí gur chuid den ghlúin nua í. Nuair a cuireadh ceist uirthi faoi ghinmhilleadh, dúirt sí go mbeadh ginmhilleadh aici dá n-éireodh sí torrach agus í i mbarr a gairme.

Bhí sí le le feiceáil sna nuachtáin thablóideacha níos mó ná riamh nuair a bhris an caidreamh a bhí idir í agus Marcus Sweeney, fear a raibh bialann darb ainm ‘Il Pomo D’ór’ aige ag an am. Tharraing sé easaontas eatarthu nuair a cháin sé í faoi scannánú a dhéanamh in éadaí cnis don pháipéar Náisiúnta The Sunday Independent. Ba nuacht mhór é don saol de bharr go raibh siad le pósadh sa Róimh.

Ina theannta sin, tuairiscítear go raibh drugaí in úsáid aici ach sheán sí é go rialta. In agallamh a rinneadh léi i mí na Samhna 2007, mí roimh a bás, d’admhaigh sí gur ghlac sí cócaon tráth ach mhaígh sí gur stop sí ó shin.

 
Tháinig ar Katy i gCill Mheasáin, Co na Mí

Bás cuir in eagar

Fuair Katy bás ar an 6 Nollaig i 2007. Thit sí i laige ag teach carad i gCill Mheasáin, Co na Mí ar an 2 Nollaig[1] agus bhí sí idir bás is beatha ar feadh cúpla lá ach d’imigh sí ar shlí na fírinne sa deireadh. Dúradh i ndiaidh scrúdú iarbháis gur fhulaing sí lot inchinne. Fuarthas rian den chócaon ina corp. Bhí fiosrúchán mór ar siúl ag na Gardaí de bharr go raibh fadhb chócaoin ag crá na tíre thart ar an ama sin. Cúpla lá ina dhiaidh sin fógraíodh go bhfuair beirt bhuachaillí óga bás de bharr ródháileog cócaon ag cóisir i bPort Láirge.

Cuireadh í sa reilig in Áth na Sceire ar an 10 Nollaig. Bhí an Captaen Michael Tracey mar ionadaí an Taoisigh ag an tsochraid. Cáineadh é de bharr go bhfuair beirt fhear óga bás faoi na coinníollacha céanna agus nach raibh ionadaí ón rialtas le feiceáil ag sochraidí na mbuachaillí. Ceapadh nár chóir go mbeadh ionadaí ón rialtas ann de bharr gur ródháileog cócaon a bhí i gceist.

Gabhadh mangairí drugaí i gCo na Mí as an marú níos déanaí.[2] Gearradh pianbhreith ar fionraí orthu sa bhliain 2013.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cathal McMahon (2013-07-17). "Katy French's final hours: Model's booze-up with RTE star Brendan O'Connor" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2021-12-06.
  2. "Katy French case - Two plead guilty to drug charge" (as en) (2012-11-13). 
  3. RTÉ (2013). "Nine News" (en). www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-12-06.