Kellie Harrington
Is dornálaí Éireannach í Kellie Harrington, as Rae Portland i mBaile Átha Cliath.[1] Rugadh í ar 11 Nollaig 1989. Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo sa bhliain 2021 sa rannóg éadrom-mheáchan (rannóg 60kg na mban).[2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Nollaig 1989 34 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Airde | 168 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dornálaí |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | dornálaíocht |
Ghlac sé/sí páirt i | |
29 Iúil 2020 | boxing at the 2020 Summer Olympics – women's lightweight (en) (1) |
Gairm cuir in eagar
In ionad Theagmháil na nÓg a rinne Kellie an Teastas Sóisearach. Ina dhiaidh sin, rinne sí cúrsa Spóirt agus Fóillíochta i gColáiste Íde i bhFionnghlas.[4]
Craobh an domhain cuir in eagar
Bhuail Kellie Seesondee Sudaporn Seesondee na Téalainne i New Delhi in 2018 chun craobh an domhain a thabhairt léi.[5]
Cluichí Oilimpeacha 2021 cuir in eagar
Bhí an bonn cré-umha ar a laghad saothraithe ag Kellie tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Imane Khelif na hAilgéire.
Támáilte go maith a thosaigh Kellie sa gcomhrac leathcheannais inar chloígh sí an Téalannach, Sudaporn Seesondee, ach de réir a chéile ghlac sí ceannas ar an troid agus í deas cruinn lena dorn.
Ar an 8 Iúil 2021, fuair Kellie an ceann is fearr ar an mBrasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg in Airéine Ryōgoku Kokugikan. Chaill sí an chéad bhabhta, 3-2, ach rinne sí teacht aniar chun an dá cheann eile a bhuachan.[6]
Bhí Kellie ar an tríú dornálaí as Éirinn a thug bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha (in éineacht le Michael Carruth, 1992, agus Katie Taylor, 2012).[7]
Saol pearsanta cuir in eagar
Tá Harrington i gcaidreamh le Mandy Loughlin ó 2009 tar éis casadh léi tríd an dornálaíocht[8] agus mar seo, tá sí cheann de 180 lúthchleasaí eile ina bhí aerach go hoscailte ag na Cluichí Oilimpeacha i 2020. Pósadh iad i mBaile Átha Cliath ar 8 Aibreán 2022.[9]
Sa Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh Harrington a dírbheathaisnéis, "Kellie" a scríobhadh i gcomhar le Roddy Doyle.
Ar 2 Aibreán 2023, d’fhógair Harrington go raibh sí ag tarraingt siar óna meáin shóisialta tar éis frithfhreagairt mar thoradh ar thvuít ó GB News a bhain le hinimirce, a roinn sí agus a scriosadh díreach ina dhiaidh.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ sa gceantar thoir thuaidh de lár na príomhchathrach
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-10). "Kellie Harrington fillte abhaile" (as ga).
- ↑ "An Laoch Oilimpeach Kellie Harrington ar ais ar a fód dúchais lena bonn óir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
- ↑ "Laoch na hÉireann Kellie Harrington ag súil le bua órga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Súil ag Kellie Harrington ar bhonn airgid ach babhta crua roimpi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021). Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Kellie Harrington’s Tokyo Olympic lightweight gold makes Dublin boxer the country’s undisputed darling" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-08.
- ↑ "Inside Kellie Harrington's relationship with partner Mandy Loughlin" (en) (4 August 2021).
- ↑ "Kellie Harrington shares photo after tying the knot" (en) (10 April 2022). Dáta rochtana: 3 Márta 2023.