Ken Kesey

úrscéalaí Meiriceánach

Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Ken Kesey. Rugadh i La Junta i gColorado é ar an 17 Meán Fómhair 1935, agus fuair sé bás i bPleasant Hill, Oregon ar an 10 Samhain 2001.

Infotaula de personaKen Kesey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Meán Fómhair 1935
La Junta, Colorado Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Samhain 2001
66 bliana d'aois
Sacred Heart Medical Center University District, Oregon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse an ae)
Áit adhlacthaKesey Family Farm Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Oregon
Ollscoil Stanford
Ardscoil Springfield Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSpringfield
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht agus litríocht iar-nua-aoiseach
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, iomrascálaí amaitéarach Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtIar-nua-aoiseachas
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Spórtiomrascáil amaitéarach Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteSunshine Kesey Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFred Alvin Kesey  agus Geneva Wilma Smith

Suíomh gréasáinintrepidtrips.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0450181 IBDB: 11037
Musicbrainz: 7974c3f4-0605-4288-b6f7-1ccae5ec397b Songkick: 36475 Discogs: 121230 Allmusic: mn0000077424 Find a Grave: 5965109 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ní b'óige ná an Beat generation agus róshean le bheith ina hipí, agus dhearc sé air féin mar nasc idir an dá ghlúin seo i stair chultúrtha na Stát Aontaithe. Bhí clú, nó míchlú, air as an dóigh a raibh sé ag blaiseadh de na drugaí sícighníomhacha.

Ba é an saothar ba thábhachtaí a tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd One Flew Over the Cuckoo's Nest, a thug cur síos ar an saol i ngealtlann na bpríosúnach agus ar an dóigh ar éirigh fear de na príosúnaigh amach in aghaidh an diansmachta. Chuaigh an scéal seo ar an scáileán freisin, agus ba é Jack Nicholson a rinne an phríomhpháirt sa scannán.

Saothair cuir in eagar

Áirítear na cinn seo ar shaothar tábhachtach Kesey:

  • One Flew Over the Cuckoo's Nest (1962), úrscéal.
  • Sometimes a Great Notion (1964), úrscéal, príomhshaothar an scríbhneora. Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar shaol mhuintir Stamper, agus iad ag saothrú a gcoda ag leagan crann. An lucht oibre atá ag déanamh na hoibre céanna do na gnólachtaí móra, téann siad ar stailc, ach maidir le clann Stamper, tá a ngnóthas féin acu, agus iad ag déanamh droichid den stailc. Ar ndóigh, faigheann siad iad féin faoi ionsaí ag an lucht oibre agus ag an gceardchumann, ó ghlactar leis gur stailcbhristeoirí iad. Chomh maith leis an gCuckoo's Nest, scannánaíodh an ceann seo, agus ba é Paul Newman a rinne an phríomhpháirt.
  • Kesey's Garage Sale (1973). Díolaim aistí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar