Kevin Mitnick

haiceálaí Meiriceánach (1963–2023)

Comhairleoir slándála ríomhaireachta, údar, agus haiceálaí ab ea Kevin David Mitnick (6 Lúnasa 1963 – 16 Iúil 2023). Ghabh an FBI é sa bhliain 1995 as cibirchoireanna éagsúla, ciontaíodh é, agus gearradh cúig bliana sa phríosún air. Creideann tacadóirí dá chuid go ndearnadh éagóir air, agus gur chuir an rialtas pionós iomarcach air.[1][2] Tar éis gur scaoileadh saor ón bpríosún é, bhunaigh sé a chomhlacht slándála ríomhaireachta féin, Mitnick Security Consulting, LLC, agus bhí baint aige le gnóthaí slándála eile freisin.

Infotaula de personaKevin Mitnick

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Kevin David Mitnick
Beathaisnéis
Breith6 Lúnasa 1963
Van Nuys, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Iúil 2023
59 bliana d'aois
Las Vegas, Nevada Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phaincréis)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteCondor
Brian Merrill
Lee Nusbaum
Anton Chernoff
Koolher Burn
Thomas Case
David Stanfill Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil James Monroe
Los Angeles Pierce College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreSlándáil ríomhaireachta, innealtóireacht shóisialta agus haiceáil
Suíomh oibre Las Vegas Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcomhairleoir slándála ríomhaireachta, eolaí ríomhaireachta, bradaí, haiceálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spéis aige/aici iLíonra ceallach
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
World Government Summit 2016 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Ciontaíodh icalaois phoist agus calaois leictreonach (1999)
calaois ríomhaireachta (1999) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
15 Feabhra 1995gabháil
1995carcrú
1988-1990carcrú
Nollaig 1987gabháil
1980díghlasáil bogearra
1980áitreabh pionóis
1979díghlasáil bogearra (Digital Equipment Corporation) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmitnicksecurity.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1137342 Facebook: KevinMitnickOfficial Twitter: kevinmitnick Instagram: kevinmitnick.official Musicbrainz: d25f4b82-4a58-4952-9ab4-e76f09f6e91b Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Mitnick ar 6 Lúnasa 1963[3] i Van Nuys, California.[4] Ba é Alan Mitnick a athair, Shelly Jaffe a mháthair, agus ba í Reba Vartanian a sheanmháthair ar thaobh a mháthar.[5][6] D’fhás sé aníos i Los Angeles, California.[3] Nuair a bhí sé 12 bliain d'aois, chuir Mitnick ina luí ar thiománaí bus a insint dó cén áit a bhféadfadh sé pollaire ticéad a cheannach (ar son “tionscadal scoile”), agus sa chaoi sin bhí sé in ann dul ar aon bhus i mórcheantar Los Angeles saor in aisce, ag baint úsáide as duillíní aistrithe a fuair sé i ngabhdán bruscair in aice le gharáiste na cuideachta bus.[7]

D’fhreastail Mitnick ar James Monroe High School in North Hills i ngar do Los Angeles[8][9] agus le linn na tréimhse sin mhúscail a spéis i raidió amaitéarach.[10] Cláraíodh é níos déanaí i gColáiste Pierce Los Angeles agus in Ollscoil Dheisceart California.[8]

Gairm cuir in eagar

Bhris Mitnick isteach i líonra ríomhaireachta i 1979, nuair a bhí sé 16 bliana d’aois. Thug cara dá chuid uimhir theileafóin Ark dó, córas ríomhaireachta de chuid Digital Equipment Corporation (DEC) a d'úsáid siad chun an córas oibriúcháin RSTS/E a fhorbairt.[11] Sa bhliain 1988, cúisíodh agus ciontaíodh Mitnick as briseadh isteach sa líonra agus an bogearra a chóipeáil. Gearradh 12 mhí sa phríosún air agus trí bliana breise faoi mhaoirseacht an stáit. I ngar do dheireadh na trí bliana sin, bhris Mitnick isteach i ríomhairí de chuid Pacific Bell, agus cuireadh barántas gabhála amach. Thug sé do na boinn é, agus chaith sé dhá bhliain go leith ar a theitheadh ón dlí.[12]

De réir Roinn Dlí na Stát Aontaithe, bhris Mitnick isteach sna dosaenacha de líonraí ríomhaireachta agus é ina theifeach. D’úsáid sé fóin póca chlónáilte chun a shuíomh a cheilt agus, i measc rudaí eile, chóipeáil sé bogearraí luachmhara dílsithe ó roinnt de na comhlachtaí fóin póca agus ríomhaireachta is mó sa tír.[13][14] Ina theannta sin, ghoid Mitnick pasfhocail ríomhaire, d'athraigh sé líonraí ríomhaireachta, agus bhris sé isteach agus léigh sé ríomhphost príobháideach.[14][15] Uair amháin, bhain sé úsáid as scanóir raidió agus fuair sé amach go raibh gníomhairí de chuid an FBI ag teannadh leis. Theith sé óna árasán, agus nuair a tháinig na húdaráis, fuair siad bosca taoschnónna ag fanacht leo.[5]

Ghabh an FBI Mitnick ar 15 Feabhra 1995, ina árasán i Raleigh, Carolina Thuaidh, as coireanna feidearálacha a bhain leis an tréimhse dhá bhliain go leith a chaith sé ar a theitheadh. Nuair a gabhadh é, bhí fóin póca chlónáilte aige, agus bréagpháipéir aitheantais éagsúla.[16]

Cúisíodh Mitnick as calaois leictreonach (14 cúiseamh), seilbh ar ghléasanna rochtana neamhúdaraithe (8 gcúiseamh), idircheapadh cumarsáide sreinge nó leictreonaí, rochtain neamhúdaraithe ar ríomhaire feidearálach, agus damáiste a dhéanamh do ríomhaire.

 
Greamán bumpair “Free Kevin” a rinne tacadóirí ó 2600 Magazine.[17]

Sa bhliain 1999, phléadáil Mitnick ciontach i gceithre chúiseamh de chalaois leictreonach, dhá chúiseamh de chalaois ríomhaireachta, agus cúiseamh amháin gur idircheap sé cumarsáid leictreonach go mídhleathach, mar chuid de mhargadh pléadála os comhair cúirte feidearálaí in Los Angeles. Gearradh 46 mí i bpríosún air, agus 22 mí sa bhreis as téarmaí a pharúil i 1989 a shárú. D’admhaigh sé gur sháraigh sé na téarmaí seo trí bhriseadh isteach i líonraí ríomhaireachta éagsúla, agus trí chaidreamh a dhéanamh le bradaithe ríomhaireachta eile, sa chás seo, a chomhchosantóir Lewis De Payne.[18][19][20]

Chaith Mitnick cúig bliana i bpríosún — ceithre bliana go leith roimh an triail agus ocht mí faoi bhraighdeanas aonair — toisc, de réir Mitnick, gur chuir na húdaráis ina luí ar bhreitheamh go raibh sé de chumas aige “cogadh núicléach a thosú trí fheadaíl a dhéanamh ar tháillefón” .i. go mbeadh sé in ann glaoch a chur ar NORAD ón bpríosún, agus cumarsáid a dhéanamh leis an líonra trí fheadaíl.[21][22]

Scaoileadh Mitnick saor ar 21 Eanáir 2000. Chaith sé trí bliana eile faoi mhaoirseacht an stáit, agus ní raibh cead aige aon teicneolaíocht chumarsáide a úsáid seachas teileafón líne talún.[23] De réir théarmaí an mhargaidh pléadála, ní raibh cead aige brabús a bhaint as scannáin nó leabhair a bhí bunaithe ar a ghníomhaíocht choiriúil ar feadh seacht mbliana.[24]

Tar éis gur scaoileadh saor é in 2000, d'oibrigh Mitnick mar chomhairleoir slándála, óráidí poiblí, agus údar. Rinne sé comhairliúchán slándála agus bréagionsaithe tástála do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí rialtais. Bhunaigh sé Mitnick Security Consulting LLC, agus bhí sé ina chomhúinéir ar KnowBe4, comhlacht a sholáthair ardán d'oiliúint feasachta slándála.[25] Bhí sé ina bhall gníomhach de bhord comhairleach Zimperium,[26] comhlacht a fhorbraíonn bogearra a chuireann cosc ar ionsaithe soghluaiste.[27] Bhí sé ina chónaí i Las Vegas, Nevada.

Bás cuir in eagar

Fuair Kevin Mitnick bás le hailse phaincréis ar an 16 Iúil 2023, agus é 59 bliain d'aois. Mhair a bhean chéile agus leanbh gan bhreith.[28][29][5][3]

Leabhair cuir in eagar

  • (2002) The Art of Deception: Controlling the Human Element of Security[30]
  • (2005) The Art of Intrusion: The Real Stories Behind the Exploits of Hackers, Intruders & Deceivers[31]
  • (2011) Ghost in the Wires: My Adventures as the World's Most Wanted Hacker[8]
  • (2017) The Art of Invisibility[32]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Kroll, Jason (January 21, 2000). “Free Kevin, Kevin Freed”. Linux Journal. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 7, 2017.
  2. Ex-hacker reveals tricks of the trade”. AsiaOne Digital. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 23, 2015.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Kevin Mitnick, hacker and fugitive turned security consultant, dies at 59". The Washington Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Iúil 2023.
  4. League, Hackers (31 May 2019). “Kevin Mitnick” (en). medium.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 20, 2023. Dáta rochtana: 20 July 2023.
  5. 5.0 5.1 5.2 "Kevin Mitnick, Once the ‘Most Wanted Computer Outlaw,’ Dies at 59". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Iúil 2023.
  6. Freedom Downtime | CosmoLearning Computer Science”. CosmoLearning.
  7. Greene, Thomas C. (January 13, 2003). “Chapter One: Kevin Mitnick's story”. The Register. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 12, 2012.
  8. 8.0 8.1 8.2 Mitnick, Kevin (2011). "Ghost in the Wires: My Adventures as the World's Most Wanted Hacker". Little, Brown and Company. ISBN 978-0-316-03770-9. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2019. 
  9. "Hacker Arraigned in Computer Fraud Case". Los Angeles Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 20, 2023. “... as a student at James Monroe High School in North Hills, he broke into the Los Angeles Unified School District’s computers. ...”
  10. Mills, Elinor. “Q&A: Kevin Mitnick, from ham operator to fugitive to consultan”. cnet.com. CNET. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 28, 2017. Dáta rochtana: 18 Nollaig 2017.
  11. The Missing Chapter from The Art of Deception by Kevin Mitnick”. thememoryhole.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Márta 2009. Dáta rochtana: 16 Feabhra 2020.
  12. Johnson, John (February 16, 1995). “Fugitive North Hills Hacker Arrested in N. Carolina : Crime: Kevin Mitnick eluded authorities for two years. He is alleged to have cost victims millions.”. Los Angeles Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 27, 2023. Dáta rochtana: July 20, 2023.
  13. Tamaki, Julie (1996-09-27). “Famed Hacker Is Indicted by U.S. Grand Jury” (en-US). Los Angeles Times. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  14. 14.0 14.1 Rose, E. Brian (2015-12-01). "Millionaire Within: Untold Stories from the Internet Underworld" (in en): 22. Morgan James Publishing. ISBN 978-1-63047-346-4. 
  15. Byrne, Michael (2014-09-27). “Kevin Mitnick Offers a Peek Inside the Cryptic Zero-Day Marketplace” (en). Vice. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  16. Painter, Christopher M. E. (March 2001). "Supervised Release and Probation Restrictions in Hacker Cases". United States Attorneys' USA Bulletin 49 (2). Executive Office for United States Attorneys. Dáta rochtana: April 19, 2015. 
  17. Freedom Downtime - The Story of Kevin Mitnick”. archive.org (2016-10-23). Dáta rochtana: 2019-05-14.
  18. Gengler, Barbara (1999). "Super-hacker Kevin Mitnick takes a plea". Computer Fraud & Security 1999 (5). doi:10.1016/S1361-3723(99)90141-0. 
  19. Computer Hacker Kevin Mitnick Sentenced to Prison”. fas.org. Federation of American Scientists (June 27, 1997). Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 15, 2019. Dáta rochtana: February 16, 2020.
  20. Kevin Mitnick sentenced to nearly four years in prison; computer hacker ordered to pay restitution to victim companies whose systems were compromised”. usdoj.gov. United States Attorney's Office, Central District of California, U.S. Department of Justice (August 9, 1999). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 26, 2009.
  21. "Social Engineering 101: Mitnick and other hackers show how it's done". CNET News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Iúil 2012.
  22. "Famed hacker to Snowden: Watch out". CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Márta 2022.
  23. Bowker, Art. “Hackers, Sex Offenders, and All the Rest”. corrections.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 14, 2018. Dáta rochtana: 14 September 2018.
  24. World's most famous hacker Kevin Mitnick to speak at ULM Business Symposium”. ulm.edu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 8, 2022. Dáta rochtana: July 20, 2023.
  25. "Cybercrime & Security / Afterlife Evidence". Coast to Coast AM. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Eanáir 2019.
  26. Darlene Storm (19 Iúil 2012). “Interview: World's most famous hacker, Kevin Mitnick, on mobile security & Zimperium”. Computerworld. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Nollaig 2013.
  27. Alex Williams (20 Nollaig 2013). “Zimperium Raises $8M For Mobile Security That Turns The Tables On Attackers”. TechCrunch. AOL. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Lúnasa 2017. Dáta rochtana: 25 Meitheamh 2017.
  28. Kevin David Mitnick”. Dignity Memorial. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 20, 2023. Dáta rochtana: 20 July 2023.
  29. Famed Hacker Kevin Mitnick Dead at 59”. SecurityWeek News (July 20, 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 20, 2023. Dáta rochtana: 20 July 2023.
  30. "The Art of Deception: Controlling the Human Element of Security" (October 2003). Wiley Books. ISBN 978-0-7645-4280-0. Dáta rochtana: 14 Eanáir 2009. 
  31. "The Art of Intrusion: The Real Stories Behind the Exploits of Hackers, Intruders & Deceivers" (25 Nollaig 2005). Wiley Books. ISBN 978-0-7645-6959-3. Dáta rochtana: 14 Eanáir 2009. 
  32. "The Art of Invisibility" (2017). Little, Brown and Company.