Cathair in Ontario, Ceanada is ea Kingston. Tá sé suite in oirthear Ontario san áit a dtagann Abhainn San Labhrais agus an Chanáil Rideau le chéile ar bhruach thuaidh Loch Ontario. De réir an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2011 bhí 123,363 duine ina gcónaí in Kingston féin agus 159,561 sa cheantar uirbeach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilKingston, Ontario
Kingston (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 44°14′N 76°30′W / 44.23°N 76.5°W / 44.23; -76.5
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaOntario
County of Ontario (en) AistrighContae Frontenac Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán132,485 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús294.16 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla450.39 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Ontario agus Abhainn Saint Lawrence Cuir in eagar ar Wikidata
Airde93 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)René Robert Cavelier La Salle Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1673
Aitheantóir tuairisciúil
Glaochód613 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincityofkingston.ca Cuir in eagar ar Wikidata

Dúnfort de chuid na bhFrancach an chéad iarracht ag na hEorpaigh cur síos san áit. B'in sa bhliain 1673. Fort Cataraqui a tugadh air ar dtús, ansin Fort Frontenac. Scriosadh an dúnfort sa bhliain 1758 ag deireadh Chogadh na Seacht mBliana idir na Francaigh agus na Briotanaigh. Cuireadh campa ar bun ann sa bhliain 1784 chun dídean a thabhairt do na Dílseoirí a theith ó na 13 Choilíneacht níos faide ó dheas. Tugadh cairt chathrach do Kingston sa bhliain 1846. Bhí Kingston ina phríomhchathair ar Cheanada ar feadh tamaill.

D'fhás bunáit de chuid Chabhlach na Breataine Móire in Kingston agus tógadh Fort Henry ann go luath sa 19ú haois. Tógadh sraith túr Martello in aice le Kingston chomh maith. Maireann ceithre cinn díobh ann inniu. Tá Kingston ina lárionad míleata go dtí an lá atá inniu ann: Tá bunáit de chuid Airm Cheanada ina aice agus tá Coláiste Míleata Ríoga Cheanada suite sa chathair.

Tá an Béarla go mór in uachtar in Kingston, ach tá stádas dátheangach tugtha do cheantar Kingston, rud a thuganns seirbhísí i bhFraincis le fáil don mhionlach Fraincise.