Krone na hIorua
airgeadra na hIorua
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Is é krone na hIorua (as Ioruais: norsk krone, siombail: kr, cód ISO: NOK), a fhoroinntear i 100 øre, airgeadra na hIorua.
Críocha infheidhme | |
---|---|
an Iorua ( - ) | |
Tréithe | |
Cód ISO 4217 | NOK |
Giorrúchán nó siombail | kr, kr agus kr |
Banc ceannais | Norges Bank (en) |
Ráta malairte | |
Croineolaíocht | |
1875- | |
← Norwegian rigsdaler (en) | |
Tuilleadh eolais | |
ID wurvoc.org | Norwegian_krone |
Stair cuir in eagar
Tugadh isteach an krone sa Iorua in 1875, agus tháinig sé in áit an speciedaler.
Boinn agus nótaí cuir in eagar
Tá ceithre bhonn agus cúig nóta i gcúrsaíocht.[1]
Na boinn:
- 1 krone. Tá monagram Harald V aige ar éadan, agus tá éan aige ar chúl.
- 5 kroner. Tá Ord Naomh Olav aige ar éadan, agus tá duille acantais aige ar chúl.
- 10 kroner. Tá Harald V aige ar éadan, agus tá díon eaglais stéibh aige ar chúl
- 20 kroner. Tá Harald V aige ar éadan, agus tá long lachlannach aige ar chúl.
Na nótaí:
- 50 kroner. Tá sé glas leis an teach solais Utvær ar éadan, agus le rábhchán teach solais stílithe ar chúl.
- 100 kroner. Tá sé dearg leis an long lochlannach Gokstad ar éadan, agus le long choimeádán stílithe agus an Bodach ar chúl.
- 200 kroner. Tá sé gorm le trosc ar éadan, agus le bád iascaigh stílithe ar chúl.
- 500 kroner. Tá sé oráiste leis an long tarrthála "RS 14 Stavanger" ar éadan, agus le ardán ola stílithe ar chúl.
- 1000 kroner. Tá sé corcra le tonn ar éadan, agus le fíor na spéire stílithe ar chúl.