Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta (17 Deireadh Fómhair)

Ón mbliain 1992 i leith, tá an 17 Deireadh Fómhair ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta (International Day for Eradication of Poverty), nó an Lá Idirnáisiúnta chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú.[1] Is é an aidhm atá ann deireadh a chur leis an mbochtaineacht, nó éalú ó chuing na bochtaineachta. Ba mhaith leis na Náisiúin Aontaithe an fhís sin a fhíorú ar deireadh thiar. Is Lá é chomh maith chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí agus do streachailt na ndaoine atá beo bocht agus chun deis a thabhairt dóibh a n-ábhair bhuartha a chur chun tosaigh.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósbochtaineacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht29 Deireadh Fómhair 2003 - 
17 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Joseph Wresinski agus na Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinun.org… Cuir in eagar ar Wikidata


Leacht de chuid Joseph Wresinski i bPort Louis (Morbihan)
An bochtanas ː % daonra agus $2/lá nó níos lú acu
Leacht i Libourne (An Fhrainc)

Stair cuir in eagar

Bhuna an tAthair Joseph Wresinski an ghluaisecht International Movement ATD Fourth World sa bhliain 1957. Chuir sé tús leis an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta ar 17 Deireadh Fómhair 1987. Ar an lá sin, nocht sé plaic i gCearnóg Trocadero, Páras, leis an inscríbhinn, "Wherever men and women are condemned to live in extreme poverty, human rights are violated. To come together to ensure that these rights be respected is our solemn duty." Agus ón mbliain 1992 i leith, tá an 17 Deireadh Fómhair ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar fhéile.

an tAthair Joseph Wresinski

Bhí os cionn billiún duine faoi réir ag fíorbhochtaineacht sa bhliain 2011, thart ar 14.5 faoin gcéad de dhaonra an domhain.[3]

In Éirinn cuir in eagar

Tá méid teoranta cistithe ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí gach bliain, chun tacú le grúpaí frithbhochtaineachta a deagródh gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta chun feasacht a chothú ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Díothú na Bochtaineachta.[4] Eagraíochtaí frithbhochtaineachta agus grúpaí a thacaíonn ar leibhéal náisiúnta nó áitiúil le daoine atá buailte leis an mbochtaineacht, is dóibhsean an cistiú seo.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta". web.archive.org (2019-10-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-20. Dáta rochtana: 2021-10-17.
  2. Office of the President of Ireland. "Diary President Marks Un Day For The Eradication Of Extreme Poverty" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-10-17.
  3. "Lá idirnáisiúnta do Dhíothú na Bochtaineachta - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2021-10-17.
  4. An Roinn Comimirce Sóisialaí gov.ie (2021). "United Nations - International Day for the Eradication of Poverty". Dáta rochtana: 2021.