Déantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Eoraip ar Lá na hEorpaː

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá na hEorpa
Íomhá
CineálEuropean day (en) Aistrigh
symbols of the European Union (en) Aistrigh
saoire phoiblí
saoire phoiblí
lá bratach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séForógra Schuman Cuir in eagar ar Wikidata
9 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

 
Eagraíodh an Pharáid Schuman sna blianta 2000idí i Vársá ar Lá na hEorpa (2008 anseo)
 
Scoil sa Phortaingéil maisithe do Lá na hEorpa

Bunaíodh Comhairle na hEorpa an 5 Bealtaine 1949 agus, mar sin de, roghnaigh sí an lá sin chun ceiliúradh a dhéanamh, ó 1964 ar aghaidh.

Sa bhliain 1985, ag Comhairle Eorpach Milano, ghlac na Comhphobail Eorpacha (an tAontas Eorpach sa lá atá inniu ann) le siombailí Eorpacha Chomhairle na hEorpa, go háirithe bratach na hEorpa.[2]

Chinn ceannairí an Chomphobail ar lá a eagrú i gcomóradh Dhearbhú Schumann an 9 Bealtaine 1950. Moladh leis an ndearbhú seo tionscail ghuail agus chruach na Fraince agus na Gearmáine Thiar a chomhthiomsú, as a tháinig an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, an chéad Chomhphobal Eorpach, agus mar sin, meastar gur príomhthráth bunaithe a bhí ann.

Thug Parlaimint na hEorpa aitheantas do lá saoire an 9 Bealtaine go foirmiúil i nDeireadh Fómhair 2008.

Deasghnáth cuir in eagar

Ceiliúrtar 9 Bealtaine i bhfoirmeacha éagsúla san Aontas Eorpach agus i dtíortha mórthimpeall air (an Tuirc fiú sna blianta 2000idí).

Le Lá na hEorpa a cheiliúradh, osclóidh institiúidí an Aontais Eorpaigh a gcuid doirse don phobal i dtús mhí na Bealtaine sa Bhruiséil agus in Strasbourg. In oifigí áitiúla an Aontais san Eoraip agus ar fud an domhain eagraítear gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla do dhaoine de gach aois.[3]

Gach bliain glacann na mílte duine páirt i dturais, díospóireachtaí, ceolchoirmeacha, agus imeachtaí eile leis an lá a chomóradh agus le feasacht faoin Aontas Eorpach a mhéadú.

De bharr nádúr polaitiúil an lae seo, bíonn iarrachtaí ann chun daoine a mhúineadh faoin Aontas Eorpach agus bíonn daoine ag labhairt i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa.

Bíonn príomhról ag an mbratach, mar shiombail eile, le linn na gceiliúrtha ginearálta.

D'ainneoin céadrogha don 9 Bealtaine, ceiliúrann roinnt Eorpach an 5 Bealtaine mar gheall ar ról na Comhairle i leith cearta an duine, daonlathas agus smacht reachta a chosaint. I gcodarsnacht leis seo, ní raibh Dearbhú Schuman ach ag tabhairt moladh ar aghaidh chun gual agus cruach na Fraince agus na Gearmáine a chomhthiomsú. Lena chois sin, tá 9 Bealtaine ar comhthráth le Lá an Bhua, sin é deireadh an Dara Chogaidh Dhomhanda san iar-Aontas Sóivéadach (arna cheiliúradh in Iarthar na hEorpa an 8 Bealtaine).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "5 May - Europe Day" (en-GB). www.coe.int. Dáta rochtana: 2021-05-09.
  2. "Flag of Europe" (as en) (2021-05-04). Wikipedia. 
  3. Aontas Eorpach (2016-06-16). "Lá na hEorpa" (ga). an tAontas Eorpach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-09. Dáta rochtana: 2021-05-10.