Léasar ina soláthraíonn imoibriú ceimiceach an fuinneamh do ghníomhú an léis air. Mar shampla, i léasar a chuimsíonn dé-ocsaíd charbóin le hidrigin is fluairín, tharlódh gníomhú an léasair sa dé-ocsaíd charbóin, fuinnmhithe ag an imoibriú idir hidrigin is fluairín, a tháirgeann fluairín hidrigine. Is féidir léasair cheimiceacha le cumhacht níos mó ná 106 W a thógáil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Léasar ceimiceach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.