Lampa atá bunaithe ar sheoladh leictreachais trí ghás atá sáinnithe i bhfeadán gloine. Téann an gás, agus astaíonn solas amach tríd an ngloine. Ní speictream leanúnach a bhíonn sa solas seo, ach speictream líne. Struchtúr adamhach an gháis is mó a shocraíonn an speictream, agus mar sin, dathanna an tsolais a astaítear. Go hiondúil, úsáidtear an dúil ghásach neon féin agus í measctha le gáis eile don fheidhm seo. Is féidir le lampa den sórt seo méid áirithe solais ultraivialait a astú freisin, ag brath ar an ngás a úsáidtear ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Lampa díluchtúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.