Lámhscríbhinn is ea Leabhar Fhíonacha (Leabar Fidhnacha) idir prós agus filíocht as Gaeilge Chlasaiceach le Muirgheas mac Páidín Ó Maolchonaire sa mhainistir ag Fíonach, Bréifne Thiar (Contae Liatroma an lae inniu).[1] Ba é Tadhg Ó Rodaighe, comharba na mainistreach, a spreag an leabhar. Bunaíodh é, a mheastar, ar Leabhar Chaillín, saothar anois caillte faoi Naomh Caillín, bunaitheoir na mainistreach.[1] Thosaigh Ó Maolchonaire á scríobh timpeall na bliana 1516.[1]

Athchló de chuid na 19ú haoise de Leabhar Fhíonacha. Caomhnaítear an bunleagan in Acadamh Ríoga na hÉireann

Ábhar cuir in eagar

Ábhar Leabhar Fíonacha[2]
Cuid Foirm Ábhar
1A Prós Réamhrá agus ginealaigh naomh Chaillín
1B Filíocht Ceithre dhán déag faoi Chaillín, Magh Réin and Clog Na Riogh, i nArdeaglais Naomh Mél anois[3]).
1C Prós Réamhrá dosna dánta
2A Prós Caillín agus Tadhg Ó Rodaí
2B Prós Leabhar Chaillín á phlé ag Ó Maolchonaire
3 Filíocht Faoi Uí Dhomhnaill agus cineáil eile
4 Prós Ginealaigh Chonmhaicne, Uí Chreacháin (is dócha de Chonmhaicne Dhúin Mhóir[4]) agus Abb Fhíonacha
5 Filíocht Sé dhán: cúig faoi Uí Néill agus cineáil eile, agus ceann amháin faoi Chaillín

Feictear léirithe ar imeall an leabhar, scrios Gaeilge ag Tadhg Ó Rodaighe (beo 1700), ársaitheoir mór le rá, as Crossfield i bhFíonach.

Baineadh úsáid mar fhoinse as Leabhar Fíonacha Book of Fenagh ag Annála Chonnacht agus Annála na gCeithre Máistrí.[5]

Stair an leabhair cuir in eagar

Choinnigh chomharbaí Uí Rodaí an saothar go dtí Brian Ó Rodaí, sagart paróiste Chill Rónáin (Béal Átha Fearnáin) i lár na 19ú haoise. I ndiaidh a bháis, choinnigh a chomharbaí mar shagairt pharóiste an leabhar.[6] Níos deireanaí, tháinig George Michael Conroy, easpag Ardach agus Cluain Mhic Nóis, i seilbh air, chun é a choimeád slán. Dhíol a chomharba Bartholomew Woodlock é sa bhliain 1888 d'Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) le £10,[7] le comhairle ón Íosánach, Denis Murphy, a mhol go mbeidís in ann é a chaomhnú.[7][2] Faightear anois é faoin uimhir chatalóige MS 23 P 26: Cat. No. 479.[1]

Eagráin cuir in eagar

Rinne John O'Donovan scríbhinn mhacasamhail sa bhliain 1828, agus aistriúchán Béarla sa bhliain 1830.[5] Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 1875, eagraithe ag William Maunsell Hennessy agus aistrithe le Denis H. Kelly as scríbhinn Uí Dhonnabháin.[5] D'foilsigh The Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann imleabhar breise sa bhliain 1939.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Book of Fenagh". Acadamh Ríoga na hÉireann.
  2. 2.0 2.1 "Book of Fenagh history". Fenagh Visitors Centre. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 18ú Lúnasa 2016.
  3. "The Bell of Fenagh". Fenagh Visitors Centre. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017.
  4. Hennessy 1875, lch. 383, fn. 13
  5. 5.0 5.1 5.2 RIA 2016
  6. Hennessy 1875, lch. ix
  7. 7.0 7.1 Cunningham, Bernadette (15ú Meitheamh 2016). "Celebrating 500 years of the Book of Fenaghb". Acadamh Ríoga na hÉireann. Dáta rochtana: 19ú Bealtaine 2017.