Leabhar Gabhála na hÉireann

Is cnuasach dánta agus scéalta próis é Leabhar Gabhála na hÉireann (Meán-Ghaeilge Lebor Gabála Érenn) a mhaíonn gur stair na hÉireann agus na nGael é, ó chruthú an domhain go dtí an mheánaois. Caomhnaítear roinnt leaganacha, an ceann is luaite tiomsaithe ag scriobhneoir anaithnid san 11ú haois, le scéalta ársa an béaloidis.

WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Gabhála na hÉireann

Folio 53 ón Leabhair Laighneach. Caomhnaítear Lebor Gabála Érenn in dhá lámhscríbhinn déag meánaoiseach ar a laghad. Príomhfhoinse is ea an Leabhar Laighneach. Íomhá: Baile Átha Cliath, CnT, MS 1339 (olim MS H 2.18) Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Meascán de stair, miotaseolaíocht, finscéal, béaloideas agus staireagrafaíocht Chríostaí atá i gceist. Glactar leis gur cumadh an saothar mar aithris ar chuntas an Bhíobla ar bhunús chlann Iosrael.

Insíonn an Leabhar Gabhála gur lonnaigh (nó 'ghabh') sé dhream ceann ar cheann in Éirinn: muintir Ceasrach, muintir Pharthaláin, Neimhidh, na Fir Bholg, na Tuatha Dé Danann, agus an Chlann Mhíle. Díothaíodh an chéad cheithre dhream, nó b'éigean dóibh Éire a thréigeadh. Seasann an chúigiú dream do (dhea)dhéithe págánach na hÉireann,[1] agus an séú dream dosna Gaeil féin. Tá dream eile ann sna scéalta, na Fomhóraigh, a sheasann ar an taobh dorcha den fhórsa.

Meastar inniu gur miotas nach mór é an Leabhar Gabhála .[2] Is amhlaidh go bhfuil sé bunaithe ar bhréagstair Chríostaí den mheánaois,[2][3] ach faightear ann chomh maith roinnt de mhiotaseolaíocht réamhChríostaí na nGael.[3] Creideann scoláirí go raibh sé mar chuspóir ag na scríbhneoirí ná stair eipice na hÉireann a chumadh arbh fhéidir a chur ar chomhchaighdeán le staraithe na nIosraelíteach nó na Rómhánach, agus a thug miotas págánach le chéile le cruinneshamhail Chríostaí na staire.[4][5] Creidtear, mar shampla, go bhfuil sé ghabháil ann chun bheith mar an gcéanna le "Sex Aetates Mundi".[6] Maítear go bhfuil an Leabhar Gabhála "an-údarásach ... scríofa chun an bhearna idir an chruinneshamhail Chríostaí agus réamhstair na hÉireann a dhruidim".[7]

Bunúis cuir in eagar

In anailís chriticiúil le Thomas F O'Rahilly, maíonn sé go raibh aidhm faoi thrí ag an Leabhar Gabhála na hÉireann (LGÉ):

ar dtús, na daoine a aontú á ghlanadh cuimhní cinn d'iardhreamanna eitneacha; sa dara, tionchar na reiligiúin págánacha a laghdú á thiontú a ndéithe ina ndaoine daonna; agus dá tríú háit, ginealaigh a chumadh ina cuireadh go furasta ríshleachta éagsúla na nGael[8]

Moladh gur iarracht is ea é an saothar um stair scríofa na nGael a chumadh, den chineál céanna mar a chum na hIosraelítigh dóibh féin sa Sean-Tiomna.[9] Chuir paraidímí bíobalta scéalta réamh-dhéanta ar fáil do na scríbhneoirí le measctha le miotais phágánacha Gaelacha. Dá réir sin, faightear sinsir na nGael faoi dhaoirse i dtír iasachta, ag teitheadh ar deoraíocht, ag fánaíocht san fhiántas, agus ag fáil radharc ar an "Tír Tairngire" ó fhad i gcéin.

 
Bhí tionchar ar leith ar údair Leabhar Gabhála na hÉireann ag téacsanna reiligiúnach eile, amhail is De Civitate Dei den 5ú haois le Naomh Agaistín.

Is amhlaidh go raibh tionchar ar leith ag ceithre shaothar áirithe Críostaí ar fhorbairt an LGÉ:

Níor scriosadh riamh go hiomlán ámh na hábhair réamhChríostaí. Déantar cur síos i ndán amháin, mar shampla, conas a ghlac roinnt bandéithe na dTuath Dé fir chéile as na Gaeil agus iad tagtha mar ionróirí in Éirinn. Furthermore, the pattern of successive invasions is reminiscent of Timagenes of Alexandria's account of the origins of the Gallach of continental Europe. Luaite ag an staraí den 4ú haois, Ammianus Marcellinus, déanann Timagenes (1d aois RC) cur síos ar na Gallaigh, conas a cuireadh an ruaig orthu óna dtíortha dúchais in oirthear na hEorpa ag sraith cogaí agus tuilte.[10]

Caomhnaítear inniu óna 7ú agus 8ú haoiseanna blúirí líonmhara de stair mhiotasach na hÉireann. Ina sraith léachtaí Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, déanann Eugene O'Curry, Ollamh le Stair Ghaelach agus Seandálaíocht ag Ollscoil Chaitliceach na hÉireann cur síos ar na genres éagsúla lóiste sna lámhscríbhinní úd:

Inimirce nó teacht choilíneachta ab ea Tochomladh;[11] agus faoin ainm seo, déantar cur síos ar choilíneachtaí Parthalon, Nemedh, na Firbolgs, na Tuatha Dé Danann, na Milesians, srl., isteach in Éirinn, i scéalta dá gcuid féin. Is amhlaidh gur tiomsaíodh an luathchuid de na Leabhair Ghabhála éagsúla ó bhuntaifid na scéalta ársa seo.[12]

Caomhnaítear an cur síos is luaite de bhréagstair na hÉireann atá ar marthain san Historia Brittonum nó " Stair na mBriotanach," a creidtear tráth gur scríobh an sagart Breatnach Nennius in 829–830 é.[13] Tá dhá cur síos ar leith ann sa téacs seo de luathstair Gaelach. Sa chéad chuid, tagann sraith choilíneachtaí de chiníocha réamhCheilteacha ón Ibéir go hÉirinn, gach ceann acu a fhaightear san LGÉ. Sa dara cuid, déantar cur síos ar bhunúis an Chlainne Mhíle, conas ar chloígh siad an tír agus ar éirigh siad ina sinsir na nGael go léir. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an dá scéal seo ag staraithe-filí Gaelacha i rith na 9ú haoise. Sna 10ú agus 11ú haoiseanna, scríobhadh roinnt dánta fada stairiúla, agus seo a leanas ceithre údar agus a ndánta mar a fhaightear sa leagan 11ú haois den LGÉ:

Déanach san 11ú haois, is amhlaidh gur tharraing aon scoláire amháin gan ainm na dánta seo agus go leor eile le chéile, agus chuir sé go healaíonta iad i gcreatlach phróis MheánGhailge, idir a chumadh féin agus foinsí níos sine nach mhaireann (.i. na tochomlaidh luaite thuas ag an gCamhraí).

Foinsí agus leaganacha cuir in eagar

Ón tús, is léir gur leabhar an-cháiliúil agus údarásach é an LGÉ, ag éirí go tapaidh ina shaothar canónta. Athraíodh téacsanna níos sine um bheith maraon lena leagan na staire, agus scríobhadh a lán dánta nua agus cuireadh isteach ann. Laistigh de chéad bhliain dá thiomsú, bhí raidhse cóipeanna agus leaganacha, leis an oiread is 136 dán eatarthu. Caomhnaítear inniu cúig athleagan den leabhar, le fáil in deich go fiche lámhscríbhinn meánaoiseach:

  • Céad Athleagan (R¹): caomhnaithe sa Leabhar Laighneach (c. 1150) agus Leabhar Fhear Maí (1373).
  • Míniugud (Mín): tá dlúthghaol idir é seo agus an Dara Athleagan. Is amhlaidh go bhfuil sé níos sine ná na LSí den athleagan sin atá fós ann, ach níos óige ná an t-ábhar eiseamláire ar a mbunaítear na LSí sin. Tá na téacsanna atá fós ann curtha le cóipeanna den Dara Athleagan.
  • Dara Athleagan (R²): caomhnaithe i seacht téacs ar a laghad, an cheann is cáiliúla ná an Leabhar Mór Leacáin (1418).
  • Tríú Athleagan (R³): caomhnaithe i Leabhar Bhaile an Mhóta (1391) agus sa Leabhar Mór Leacáin araon.
  • Athleagan Uí Chléirigh (C): scríofa as Luath-Nua-Ghaeilge in 1631 le Mícheál Ó Cléirigh, scríobhaí Proinsiasach agus ar cheann de na Ceithre Máistrí. Chuir Macalister é san áireamh mar athleagan neamhspleách óir go bhfuil fianaise ann go raibh foinsí nach maireann, agus nach bhfaightear sna ceithre hathleagain eile, ar láimh ag an údar. Tiomsaíodh an saothar i mainistir Lios Ghabhail, gar d'Inis Ceithleann, cuidithe ag Ghiolla Phádraig Ó Luinín agus Peregrine Ó Cléirigh (col seachtar Mhíchíl Uí Chléirigh, agus ar cheann de na Ceithre Máistrí).

Seo á leanas achoimre de lámhscríbhinní atá ar marthain ina bhfaightear leaganacha den LGÉ iontu. Is as an eagrán criticiúil le R. A. S. Macalister iad an chuid is mó desna giorrúcháin (féach foinsí thíos le haghaidh sonraí):

Sigla Lámhscríbhinn Láthair Athleagan Nótaí
A Stowe A.2.4 Acadamh Ríoga na hÉireann Drochchóip dhíreach de D
B Leabhar Bhaile an Mhóta Acadamh Ríoga na hÉireann Cailleadh bileog amháin as B tar éis do fréamhaíodh β, β¹ agus β² uaidh
β H.2.4 Coláiste na Tríonóide Tras-scríbhinn de B déanta i 1728 le Richard Tipper
β¹ H.1.15 Coláiste na Tríonóide Cóip c. 1745 le Tadgh Ó Neachtáin de tras-scríbhinn de B
β² Stowe D.3.2 Acadamh Ríoga na hÉireann Cóip anaithnid dem tras-scríbhinn chéanna de B
D Stowe D.4.3 Acadamh Ríoga na hÉireann
E E.3.5. no. 2 Coláiste na Tríonóide
Leabhar Fhear Maí Acadamh Ríoga na hÉireann rowspan="2" | Is codanna d'aon LS scartha amháin, F, iad agus
Stowe D.3.1 Acadamh Ríoga na hÉireann
H H.2.15. no. 1 Coláiste na Tríonóide
L Leabhar Laighneach, LS 1339 Coláiste na Tríonóide
Λ Leabhar Mór Leacáin Acadamh Ríoga na hÉireann , Min Cead théacs den LGÉ sa LML
M Leabhar Mór Leacáin Acadamh Ríoga na hÉireann Dara téacs den LGÉ sa LML
P P.10266 Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
R Rawl.B.512 Bodleian Library , Min Níl ach an téacs próis scríofa go iomlán, gearradh na dánta
Stowe D.5.1 Acadamh Ríoga na hÉireann , Min rowspan="3" | Is codanna d'aon LS scartha amháin, V, iad , agus
Stowe D.4.1 Acadamh Ríoga na hÉireann , Min
Stowe D.1.3 Acadamh Ríoga na hÉireann , Min
23 K 32 Acadamh Ríoga na hÉireann K Cóip ghlan de scríbhinn ó láimh Mhíchíl Uí Chléirigh. Faightear K i roinnt LS, ach is é sa tús áite mar "alt údarásach".[14]

Nualéirmheas cuir in eagar

Ar feadh na gcianta, glacadh leis an LGÉ gan cheist ar bith mar chur síos cruinn iontaofa ar stair na hÉireann. Chomh deireanach is an 17ú haois, bhain Seathrún Céitinn leas as agus a shaothar Foras Feasa ar Éirinn á scríobh aige, agus maraon go mór ag údair Annála na gCeithre Máistrí.

Le déanaí ámh, rinneadh iniúchadh níos criticiúla ar an saothar. De réir scoláire an lae inniu, cuid de "nós cumadóireachta stairiúla, nó bréagstair" is ea é.[15][16] Scríobh eile go bhfuil sé "gan bhunús", ag lua a "fhinscéalaíochta" le háireamh, while acknowledging that it "embodies some popular traditions."[17] Léirigh an seandálaí Éireannach R. A. Stewart Macalister, a d'aistrigh an leabhar go Béarla, drochmheas ar leith don leabhar: "Níl le fáil sa saothar iomlán, aon mhionsonra fíorstairiúil amháin".[18] Mhaolaigh Macalister níos deireanaí a thuairim.

Cé go bhfuil an chuid is mó de scoláirí den tuairim gur miotas seachas stair é an saothar, molann roinnt eile go bhfuil sé bunaithe cé go garbh ar fíor-imeachtaí. Sna 1940í, chruthaigh T. F. O'Rahilly samhail de réamhstair na hÉireann bunaithe ar a chuid anailís den LGÉ i dteannta leis an nGaeilge ársa. Mhol sé go raibh ceithre rabharta imircí de dhreamanna Ceilteacha: na of the Cruthin(c. 700–500 RC), na BuilgÉrainn (c. 500 RC), ba Laigin, Fir Domnann agusFir Gálioin (c. 300 RC), agus na Gaeil (c. 100 RC). Tá sé den tuairim go raibh roinnt ionraí san LGÉ bunaithe ar siúd, ach gur chum na scríbhneoirí cuid eile dóibh. Molann sé chomh maith gur lean na ciníocha réamhCheilteacha na hÉireann faoi rath ar feadh na gcianta i ndiaidh 100 RC.[19]

Ina leabhar The White Goddess (1948) leis an bhfile agus miotaseolaí Robert Graves, cháin sé Macalister (lena raibh sé i mbun comhfhreagrais ar an ábhar siúd) agus mhaígh gur "sochreidte ó thaobh seandálaíochta de" iad roinnt traidisiúnta an LGÉ.[20] Tá neart cáinte tarraingthe ag The White Goddess féin ámh ag seandálaithe agus staraithe.

Aistríodh an LGÉ go Fraincis i 1884. Rinne R. A. Stewart Macalister an chéad aistriúchán iomlán idir 1937 agus 1942, in éineacht le apparatus criticus, nótaí agus réamhrá le Macalister ina phléann sé a thuairim gur cónaidhmiú dhá bhunfhoinse é an LGÉ: Stair na nGael, bunaithe ar stair na nIosraeilíteach san tSeanTiomna, agus cur síos ar roinnt lonnaíochtaí réamh-Gaeleacha. Cuireadh an dara isteach i lár an chéad, ag briseadh an scéil ag céim chinniúnach. Mhol Macalister gur shaothar léannta as Laidin ab ea an chéad téacs darbh ainm Liber Occupationis Hiberniae. Mhíneodh seo an fáth nach bhfuil ach aon "ghabháil" amháin san teideal Gaeilge, cé go bhfuil a sé inste sa leabhar.

Ábhair cuir in eagar

Roinntear an saothar i ndeich gcuid.

Geineasas cuir in eagar

Is athinsint é seo den leagan aitheanta Giúd-Chríostaí de chruthú na cruinne, the fall of Man agus luathstair an domhain. I dteannta le Geineasas, bhain an údar leas as roinnt saothar saindiamhair le haghaidh sonraí ar leith (m.s. Cave of Treasures as an Siria), chomh maith leis na ceithre saothair Chríostaí luaite thuas (.i. The City of God, srl.).

Luathstair na nGael cuir in eagar

Príomhalt: Clann Mhíle

Aithrisítear sa chaibidil seo gur de shliocht Adám é an cine daonna trí na mic Naoi (fáidh). Insítear gur sinsear chuile Eorpach é Japheth mac Naoi, gur sinsear na nGael agus na Scitiaigh é Magog mac Japheth, agus gur sinsear na nGael é Fénius Farsaid. Deirtear gurbh ar cheann de na 72 taoiseach a thóg an Túr Bháibil é Fénius, prionsa na Scitia. Phós a mhac, Niul, i join fharó na hÉigipte, darbh ainm Scota, agus bhí mac acu darbh ainm Goídel Glas. Chum Goídel na teangacha Gaelacha bunaithe ar an dá theanga is seachtó a tharla i ndiaidh mearbhall na dteangacha.

 
Túr Earcail (A Coruña, Galicia), tógtha de réir an Leabhar Gabhála ag Breogán athair Ith, a chonaic Éire, 900 km ó thuaidh, óna bharr

D'fhág muintir Goídil, na Gaeil, an Éigipt ah an am gcéanna is na hIosraelítigh (Eacsadas)[21] agus lonnaigh siad i Scitia. Tamall ina dhiaidh, d'fhágadar an Scitia agus chaitheadar 440 bliain ar siúil ar domhain, ag fulaingt sraith deacrachtaí agus cor casta, maraon leis na hIosraeilítigh (agus iad ach 40 bliain san fhásach). Lonnaigh siad ar bhruach Mhuir Mheoid, ansin sheol siad via an Chréit agus an tSicil, agus chloígh siad An Ibéir. Bhunaigh Breogán de mhuintir Ghoídil cathair darbh ainm Brigantia ann, agus thóg sé túr agus óna bharr fuair a mhac, Íth, spléachadh ar Éirinn..

Is amhlaidh go raibh sé ar intinn ag na scríbhneoirí ginealach a thabhairt do na Gaeil a nascfaí iad le pearsan buntábhachtach an bhíobla agus a rachadh le creidimh Giúd-Chríostaí.[5][22][23] Is amhlaidh ggpo bhfuil an smaoineamh de shinsearacht Scitiach bunaithe ar chomhsúlacht na n-ainmneacha Scoti agus Scitiaigh.[24] Rinne bréagstaraí na meánaoise mar an gcéanna le náisiúin eile. Mar shampla, ina shaothar níos luaite, Stair na nGotach, tháinig Isidoro ar an tuairim go raibh gaol idir na Gotaigh agus na Getae, de bharr comhchosúlacht a n-ainmneacha, agus gur de shliocht Magog iad (maraon leis na Scitiaigh).[25]

D'fhéadfadh an maíomh gurbh í an Ghailís san Ibéir í áit tsinsearachta na nGael a bhunú ar roinnt fianaise:

  • cosúlacht na n-ainmneacha Ibéir agus Hibernia, agus idir Gailís agus Gael.[26] Rinne bréagstaraithe na meánaoise maíomh mar an gcéanna maidir le náisiún eile, bunaithe ach amháin ar a n-ainmneacha.[27]
  • cur síos le hIsidoro ar an Iberia mar "máthair[tír] na gciníocha".[28] Ba mhór-spreagadh iad saothair Isidore do scríbhneoirí an Leabhar Gabhála.
  • cur síos le hOrosius ar Éirinn bheith ina luí "idir an Ibéir agus an Bhreatain". Cheap an staraí Rómhánach Tacitus chomh maith mar an gcéanna. Tugann John Carey faoi ndeara, má cheaptaí go raibh an Ibéir an áit ar an mór-roinn is giorra d'Éirinn í, go mbeadh sé intuigthe a mhaíomh "gur fhoinse na n-ionróirí ó thíortha thar lear í".[29]
  • teanga Q-Ceilteach na n-ionróirí, ní P-Ceilteach, maraon le Gaeilge í féin.[30]

Is amhlaidh gurb as Leabhar Staire na Fraince a tógadh an maíomh gur lonnaigh na Gaeil ar bhruach Mhuir Mheoid,[31] and their travels to Crete and Sicily may have been based on the tale of Aeneas.[32] Brigantia refers to A Coruña san Ghailís (aitheanta ag an am mar Brigantium)[33] agus is dócha go bhfuil Túr Bhreogáin bunaithe ar Thúr Earcail, tógtha in A Coruña ach na Rómhánaigh.

Ceasair cuir in eagar

Príomhalt: Ceasair

De réir an LGÉ, tháinig an chéad dream go hÉirinn le trí long i gceannas Ceasrach, iníon Bith mhic Naoi (neamh-bíobalta). Cailleadh dhá long, agus tháinig an tríú ceann i dtír daichead lá roimh an Díle, le Ceasair, naonúr ban is daichead eile agus triúr fear: Bith, Fintan mac Bóchra agus Ladra. Roinneadh na mná i measc na fir, agus roghnaigh gach fear bean amháin mar chéile: Fintán le Ceasair, Bith le Barrfhionn agus Ladra le Alba. Ba ghearr go bhfuair Ladra agus Bith bás ámh, agus ba é Ladra an chéad fhear a cuireadh faoi i n-uaigh in Éirinn. Le teacht na Díle, d'éag cách seachas Fintán, a tiontaíodh i ina bhradán é, agus ina dhiaidh sin iolar agus seabhac. Mhair sé ar feadh 5,500 bliain tar éis na Díle ach ar tiontaíodh ina fhear arís é, agus d'aithris sé stair na hÉireann.

 
Bá Bheanntraí, áit a deirtear gur tháinig Ceasair agus a muintir i dtír

I leagan níos luaite den scéal, ba í Banbha an chéad bhean a tháinig go hÉirinn.[34] Triúrdhia na talún ab ea ise, Fódhla agus Ériu, agus ba iad Mac Coill, Mac Céacht agus Mac Gréine na Tuatha Dé Danann a bhfear chéile. Is amhlaidh gur leagan Críostaí iad siúd in ionad Cheasrach féin, an triúir fear agus a dtriúir ban chéile.[35][36] Lena chois sin, b'fhéidir go bhfuil nasc ann idir Fintán/Mac Coill agus an Bradán feasa, a bhain eolas an domhain amach tar éis dó naoi gcnó coill, tite i dTobar Chonnla isteach, a ithe.

Is amhlaidh óna n-ainmneacha go seasann na mná a taistealaíonn in éineacht le Ceasair do mháithreacha sinseartha an domhain, ina measc Alba (sinsear na mBriotanach), Espa (na Spáinneach), German (na nGearmánach), Gothiam (na nGotach), Traige (na Tráiciach), srl. Más fíor, "is féidir a dteacht a thuiscint mar chruthú dhomhnán an domhain go léir in Éirinn". Tá roinnt eile dá comrádaí a bhfuil ainmneacha acu a chuireann bandéithe ársa Gaelacha i gcuimhne.[36]

Parthalán cuir in eagar

Príomhalt: Parthalán

Tar éis éag Cheasrach agus a muintir, bhí Éire neamháitrithe ar feadh 300 bliain, go dtí teacht dara dream i gceannas Pharthaláin de shliocht Naoi trí na mhac Magog. Sheol siad go hÉirinn via Gothia, an Anatóil, an Ghréig, an tSicil agus an Ibéir. In éineacht le Parthalán bhí a bhean chéile Dealgnaid, a gceathrar mac, agus roinnt eile. Lena dteacht, ní raibh sa tír ach aon mhachaire amháin, trí loch agus naoi n-abha. Ghlan siad ceithre mhachaire sa bhreis agus tharla seacht dtomhaidhm eile. Cuirtear síos dó phearsana ainmnithe gurbh iad a thabhairt roinnt ceardaíochtaí isteach ina measc: riar eallaigh, treabhadh, cócaireacht, tógáil agus trádáil, chomh maith le roinnt na tíre ina ceithre chuid. Thríd agus chíoch siad na Fomhóraigh i gceannas Cichol Gricenchos. I ndeireadh na dála, d'éag Parthalán agus a mhuintir (5,000 fear agus 4,000 ban anois) den phlá laistigh d' aon seachtain amháin. Níor tháinig slán ach Tuan mac Cairill, agus maraon le Fintán, mhair sé ar feadh na gcianta i roinnt riochtaí, ionas go mbeadh sé in ann stair na hÉireann a aithris. Sa chaibidil seo, faightear an scéal faoi Dhealgnaid agus í i mbun adhaltranais le giolla.

Tá an t-ainm Parthalán fréamhaithe ó Bartholomaeus, agus is amhlaidh gur chum na scríobhaí Críostaí é. B'fhéidir é gur spreagadh é le carachtar den ainm céanna sa bhréagstartha Críostaí le Naomh Iaróm agus Isidoro.[37][38]

Neimheadh cuir in eagar

Príomhalt: Neimheadh

Tar éis bás Phartaláin agus a mhuintire, bhí Éire neamháitrithe (seachas Tuan) ar feadh 30 bliain, go dtí gur tháinig tríú dream i gceannas Neimhidh, de shliocht Naoi chomh maith trína mhac, Magog.

 
"Tuan watching Nemed", Tuan ag faire ar Neimheadh, léaráid le J. C. Leyendecker in Myths & Legends of the Celtic Race, 1911, le T. W. Rolleston

D'imigh siad leo ón Muir Chaisp i 44 long, ach tar éis eachtraí le bliain go leith, níor tháinig slán go hÉirinn ach long Neimhidh, i dteannta leis ar bord a bhean chéile, a ceathrar mac agus teine eile. I rith a dtréimhse in Éirinn, ghlan muintir Neimhidh dhá machaire déag agus thóg siad dhá dhún ríoga, tharla ceithre thomhaidhm. Bhuaigh siad ceithre chath in éadan na bhFomhórach.

Tar éis do Neimheadh agus go leor eile bás d'fháil den phlá, cuireadh a mhuintir a tháinig slán faoi chois ag na Fomhóraigh Conann agus Morc. Gach Samhain, b'éigean do mhuintir Neimhidh dhá thrian dá leanaí, dá gcuid gráin agus dá gcuid bainne a ghéilleadh. D'fhéadfadh é gurbh é an cíos seo ná "mearchuimhne ar íobairt ag tús an gheimhridh, nuair a bhí cumhachtaí an dorchadais agus an mbeatha i dtreis".[39] Sa deireadh, d'éirigh siad amach in aghaidh na bhFomhórach agus d'ionsaigh siad Túr Conainn le 60,000 gaiscígh (30,000 ar muir agus 30,000 ar talamh), agus chloígh siad Conann. D'ionsaigh Morc ansin, ach ba bheag nár maraíodh gach uile de mhuintir Neimhidh le tonn tuile. Níor éalaigh ach long amháin le tríocha duine ar bord. Chuaigh roinnt go dtí an Ghréig (féach na Fir Bholg thíos), roinnt eile go tuaisceart an domhain (féach Tuatha Dé Danann thíos), agus roinnt eile fós go dtí an Bhreatain agus iad siúd ná sinsir na mBriotanach.

Fir Bholg cuir in eagar

Príomhalt: Fir Bholg

Cuireadh i ndaoirse iad an chuid de mhuintir Neimhidh a chuaigh go dtí an Ghréig agus b'éigean dóibh boilg chré a iompair, agus dá bharr bhí aithne orthu mar na Fir Bholg, agus dhá fho-dhream ina measc, na Fir Domnann agus na Fir Gálioin.

Tar éis 230 bliain, sheol siad ar ais go hÉirinn i gcéanna a gcúig thaoiseach, agus roinnt siad an tír ina cúigí: Gann i dTuaisceart na Mumhan, Sengann sa Deisceart, Genann sa Chonnachta, Rudraige san Ulaigh agus Sláine sa Laighin. Bhí sraith naoi Ard-Rí de mhuintir na bhFear Bolg i réim in Éirinn ar feadh 37 bliain ina dhiaidh sin.

Tuatha Dé Danann cuir in eagar

Príomhalt: Tuatha Dé Danann

Ba iad na Tuatha Dé Danann iad an chuid de mhuintir Neimhidh a chuaigh go tuaisceart an domhain. Bhí bua na draíochta acu, agus sheas siad mar phríomh-dheadéithe págánacha na hÉireann. Tháinig siad go hÉirinn folaithe i scamaill dhorcha agus i dtír ar Shliabh an Iarainn san Iarthar.[40] Throid siad in éadan na bhFear Bolg i gcomhair na hÉireann sa Chéad Chath Maighe Tuireadh. Bhuaigh na Tuath Dé agus thairg siad cúige na tíre mar cúiteamh dosna Fir Bholg, a roghnaigh cúige Chonnacht.

 
In Lebor Gabála Érenn, the Tuatha Dé Danann are closely associated with the ancient passage graves of Brú na Bóinne

Chaill Nuada Airgeadlámh, rí na dTuath Dé, a lámh i rith an chatha, agus neamhinniúil dá bharr, rinneadh Breas leath-leath-Fhomhórach), ina rí ina áit. Thug Breas drochíde ar na Tuath Dé ámh, agus rinne sé faillí ina chuid dualgas. D'fhéadfadh é go dtugann seo le fios go mbíonn ó am go chéile an lámh in uachtar ag cumhachtaí an mheatha (na Fomhóraigh) ar chumhachtaí an fháis (na Tuath Dé).[41]

I ndiaidh seacht mbliana, rinne Dian Cécht lia agus Creidhne gabha lámh airgid fheidhmeach do Nuada, agus tháinig sé ar ais i gcoróin. Throid na ón éadan na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh. Mharaigh an Fomhórach Balar Nuada, ach mharaigh garmhac Balair Lugh (é féin leath-Fhomhórach agus rinneadh ina rí. Bhí na Tuatha Dé i réim réim ar feadh 150 bliain leanúnach.

Clann Mhíle cuir in eagar

Príomhalt: Clann Mhíle

Leantar ar aghaidh ansin le stair na nGael. Agus spléachadh den tír feicithe ag Íth ó bharr thúr Bhreogáin, sheol sé go dtí an t-oileán le buíon fear. Chuir trí rí fáilte roimhe: Mac Coill, Mac Céacht and Mac Gréine na dTuath Dé. Maraíodh é ámh ag ionsaitheoir gan ainm, agus d'fhill a bhuíon ar ais go dtí an Ibéir. Um díoltas a bhaint amach agus an tír a chloí, sheol na Gaeil le harm mór. Luaitear iad anseo mar Muintir Mhíl Espáine. Tá an t-ainm úd fréamhaithe ó Miles Hispaniae na Laidine, agus is dócha gur chum na scríobhaí Críostaí é.[37][42]

 
"The Coming of the Sons of Miled", Teacht Chlainne Mhíle, léaráid le J. C. Leyendecker in Myths & Legends of the Celtic Race, 1911, le T. W. Rolleston

Tar éis dóibh teacht i dtír, throid siad in éadan na dTuath Dé agus na bhFomhórach aontaithe. Ar a slí go Teamhraigh, buaileadh iad ar trí shliabh le Banbha, Fódhla agus Ériu, mná chéile na triúir ríthe. D'iarr gach bandia ar na Gaeil go n'ainmneofaí an tír aisti. Gheall Amhairghin, file den Chlann Mhíle, go mbeadh mar a iarradh.

Ag Teamhraigh, bhuail siad leis an triúr ríthe, chosain a mhaíomh ar an ríogacht. D'iarr siad ar sos cogaidh trí lá agus i truth an ama seo b'éigean do na Gaeil fanacht ar fhad naoi dtonn ón tír. Ghlac na Gaeil leis seo, ach a luaithe a raibh a mbáid naoi dtonn ón tír, mhúscail na Tuath Dé gaoth mhór a chuir bac orthu teacht ar ais i dtír. D'aithris Amhairghin dán ámh agus chiúnaigh sé an ghaoth. D'fhill na báid a tháinig slán ar ais i dtír, agus d'aontaigh an dá dream Éire a roinnt eatarthu. Thóg na Gaeil an domhan thuas, agus thóg na Tuath Dé fothalamh thíos (.i. an t-Alltar) agus chuaigh isteach sna sidhe, na tuamaí ársa le feiceáil ar fud na tíre.

Rola de Ríthe págánach na hÉireann cuir in eagar

Bunaithe ar Leabhair na Ríthe sa Bhíobla, déanann an cabadail seo cur síos ar ríthe éagsúla na hÉireann, an chuid is mó dóibh seanscéalacha no leath-seanscéalach, ó ré Éabhair agus Éireamhóin go dtí luathré na Críostaíochta sa 5ú haois.

Rola de Ríthe Chríostaí na hÉireann cuir in eagar

Ag leannúínt an chabadail roimhe, is é seo an chuid is stairiúla agus is cruinne den, ag cur síos ar ríthe na hÉireann a gcaomhnaítear a gníomhartha agus dátaí in annála scríofa agus leabhair na dtaifead comhaimseartha.

Craobh ghinealaigh cuir in eagar

 
Adám
 
 
 
 
 
Naoi (fáidh)
 
 
 
 
 
Japheth
 
 
 
 
 
Magog
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fénius Farsaid
 
Parthalán
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Neimheadh
 
Niul
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Goídel
Glas
 
 
 
Fir
Bholg
 
Tuatha Dé
Danann
 
 
 
 
 
Míl Easpáine

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Aistriucháin Béarla cuir in eagar

 
Foilsíodh aistriúchán cúig-imleabhar de Lebor Gabála Érenn le Robert Alexander Stewart Macalister idir 1938 agus 1956.

Foinsí cuir in eagar

  • O'Donovan, John (1849). "Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters from the Earliest Period to the Year 1171". 
  • O'Rahilly, T.F (1946). "Early Irish History and Mythology". Dublin Institute for Advanced Studies. 
  • Graves, Robert (1948). "The White Goddess". Londain: Faber & Faber. 
  • Scowcroft, R.M. (1987). "Leabhar Gabhála Part I: The growth of the text". Ériu 36: 79–149. 
  • Scowcroft, R.M. (1988). "Leabhar Gabhála Part II: The growth of the tradition". Ériu 39: 1–66. 
  • Carey, John (1994). "The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory". 
  • Koch, John T (2006). "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia". ABC-CLIO. 
  • MacCulloch, John Arnott (2009). "The Religion of the Ancient Celts". The Floating Press. 

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Carey, John (2005). "Lebor Gabála and the Legendary History of Ireland": 32–48. Four Courts, Baile Átha Cliath. 
  • Carey, John (1993). "A new introduction to Lebor Gabála Érenn. The Book of the taking of Ireland, edited and translated by R.A. Stewart Macalister". Irish Texts Society, Baile Átha Cliath. 
  • Ó Buachalla, Liam (1962v). "The Lebor Gabala or book of invasions of Ireland". Journal of the Cork Historical & Archaeological Society 67: 70–9. 
  • Ó Concheanainn, Tomás (1998). "Lebor Gabála in the Book of Lecan": 40–51. Aldershot and Bookfield: Ashgate. 
  • Cockburn MacAndrew, Henry (1892). "Ireland before the Conquest" The Highland Monthly, Volume 3: 433–444. "Northern Chronicle" Office. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Koch 2006, pp. 1693–1695.
  2. 2.0 2.1 Carey 1994, pp. 1–4.
  3. 3.0 3.1 Koch 2006, p. 1132.
  4. Carey 1994, pp. 1–4, 24.
  5. 5.0 5.1 Koch 2006, p. 1130.
  6. Sjoestedt, Marie-Louise (1949), Celtic Gods and Heroes, Dover Publications, 2000, p. 3
  7. Williams, Mark (2016), Ireland's Immortals: A History of the Gods of Irish Myth, Princetown University Press
  8. Milesians le Sean J. Murphy
  9. Macalister 1938, pp.xxvi-xxvii: "Má ghearraimid na sraithe idirshuite amach, fágtar ansin Stair na mGaeil bunaithe ar stair na dTuath Dé (na nIosraelíteach) mar atá leagtha amach sa Sean-Tiomna.".
  10. Marcellinus, Ammianus, Res Gestae, 15:9
  11. tochomlud
  12. O'Curry, Eugene (1861), "Lecture XIII", Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, James Duffy, Baile Átha Cliath, pp. 294–295
  13. Dumville, David (1974), "Some aspects of the chronology of the Historia Brittonum", Bulletin of the Board of Celtic Studies, 25 (4): 439–45
  14. De réir Teimpléad:Harv, is cóip ghlan de scríbhinn ó láimh Mhíchíl Uí Chléirigh atá sa lámhscríbhinn K1 san ARÉ, scríofa ag a chomhmháistir Peregrine Ó Cléirigh. Cuireadh lámhscríbhinn bhunúsach an údair go Louvain is dócha.
  15. John Carey, i réamhrá san eagrán d'aistriúchán Béarla le R. A. Stewart Macalister's
  16. Deir Francis John Byrne, i Irish Kings and High-Kings (ll. 9–10) dá chuid, gur saothar "fantastic cnuasach fantaisíochta de fhíorchuimhní na ndaoine, léann saindiamhair Laidin, stair an domhain fréamhaithe ó Orosius agus Isidore de Seville, miotaseolaíocht Ceilteach eoihéimirthe, bolscaireacht ríoraíoch, béaloideas, agus fíorfhicsean".
  17. O'Rahilly 1946, p. 264.
  18. Macalister 1939, p. 252.
  19. O'Rahilly 1946, lch. 264; ll. 154 ff.
  20. Graves 1948, p.48 & p.100.
  21. Macalister 1939, pp. 33–39, 61–65.
  22. Carey 1994, p. 3.
  23. Koch 2006, p. 1133.
  24. Carey 1994, p. 12.
  25. Carey 1994, p. 13.
  26. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 332
  27. Carey, The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory, lch. 13
  28. Carey, The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory, lch. 12
  29. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named didspain
  30. "Did the Irish Come from Spain?", History Ireland, vol. 9, no. 3, 2001
  31. Carey 1994, p. 15.
  32. Carey 1994, p. 16.
  33. Encyclopædia Britannica, "A Coruña".
  34. Koch 2006, p. 165.
  35. Carey 1994, p. 21.
  36. 36.0 36.1 Monaghan, lch. 85
  37. 37.0 37.1 Carey 1994, p. 9.
  38. Monaghan, lch. 376
  39. MacCulloch 2009, p. 80.
  40. Cockburn MacAndrew, Henry (1892), "Ireland before the Conquest", The Highland Monthly, "Northern Chronicle" Office, 3: 433–444
  41. MacCulloch 2009, p. 89.
  42. Monaghan, lch. 331