Sa bhfisic, airí i solaid go bhfilleann ábhar faoi strus go dtí a bhunmhéid is a bhunchruth nuair a laghdaítear an strus go dtí nialas. De ghnáth, comhfhreagraíonn sé do chomhréireacht dhíreach idir strus is straidhn. I mbarra miotail, mar shampla, suas go dtí straidhn timpeall 1% ar a laghad, nuair a dhúblaítear an fórsa teannais ar fhad an bharra, dúblaítear síneadh an bharra. Nuair a bhaintear an fórsa teannais chun siúil (= 0), laghdaítear an síneadh go dtí 0.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leaisteachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.