Leamhcán

baile i gContae Bhaile Átha Cliath

Is bruachbhaile i mBaile Átha Cliath é Leamhcán[1] (Béarla: Lucan) atá suite in iarthar Chontae Átha Cliath, ar bhruach na Life. Ba shráidbhaile é go dtí gur cuireadh tús le forbairt tithíochta an-mhór ar fud na háite sna 1990idí. Tá fadhbanna tráchta ag cur isteach go mór ar an áit mar gheall ar an bhfás seo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeamhcán

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′16″N 6°26′55″W / 53.3544°N 6.4486°W / 53.3544; -6.4486
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie17131
Cora Leamhcáin
Fort Lucan


Spórt cuir in eagar

Is i Leamhcán a bunaíodh struchtúr faoi aois Na Gaeil Óga CLG, cumann lán-Ghaeilge Leamhcáin, sa bhliain 2014 agus is ann a bheidh an club ar fad go fadtéarmach. Is ó na scoileanna Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life a thagann formhór na n-imreoirí faoi aois sa chumann.

Rugadh laoch mór i stair na hÉireann, Pádraig Sáirséal, ann in 1660. Tá club Cumann Lúthchleas Gael sa cheantar ainmnithe i gcuimhne air; Sáirséalaigh Leamhcáin.


Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar