Sa réalteolaíocht, is éard is leathscáil[1][2] ann ná limistéar a bhfuil scáil air, ach a fhaigheann roinnt solais ón bhfoinse solais agus nach mbíonn chomh dorcha le lánscáil, nach bhfaigheann aon solas. Le linn urú na Gréine ag an nGealach, bíonn limistéar amháin ar Domhan nach dtiteann aon solas ó chuid ar bith den Ghrian air: lánscáil agus lánurú a bhíonn ansin. Ach mórthimpeall air sin, bíonn limistéar a dtiteann solas ó chuid éigin d'fhoinse leathan na Gréine air. Ní bhíonn an limistéar seo chomh dorcha leis an lánscáil, agus is leathscáil nó leathurú a bhíonn ann. Bíonn limistéar eile taobh amuigh den dara limistéar ar a dtiteann solas ó gach cuid den Ghrian, agus ní bhíonn aon scáil ansin (ná ní fheictear an t-urú ann).[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): penumbra” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. “penumbra” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Leathscáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 402.