Ascnamh páirteagal luchtaithe faoi thionchar réimse leictrigh, i dtuaslagáin de ghnáth. Ascnaíonn na caitiain i dtreo an phoil dhiúltaigh, agus na hainiain i dtreo an phoil dhearfaigh. Is féidir aimíonaigéid a scaradh óna chéile ach aigéadacht (pH) an tuaslagáin a mhionathrú ionas gur caitiain cuid acu is ainiain an chuid eile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreafóiréis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.