Is éard atá sa leictream ná meascán airgid ghil agus óir a bhíonn ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Bíonn iarsmaí copair agus miotail eile ann chomh maith. An leictream a fhaightear sa Mhion-Áise inniu, tá sé an-saibhir in ór (70-90 %), ach, san am chéanna, ní bhíonn ach 45-55 % sna seanbhoinn Lidiacha a dtagann lucht seandálaíochta trasna orthu sna bólaí céanna.

Infotaula de mineralLeictream

Siombail cheimiceachAu·Ag
Aicmiú
CatagóirMianra
Nickel-Strunz 9ú heag.1.AA.05
Airíonna
Cruas Mohs2.5
Dlús14.05
bonn, Nikephoros III Botaneiates

San tseanaois, bhítí ag déanamh soithí agus boinn airgid as an leictream, agus mhaisíodh na sean-Éigiptigh na tuamaí sna pirimidí le leictream fosta.

Leictreachas cuir in eagar

Seoltóir maith leictreachais é an leictream, ach ní as-san a fuair an leictreachas a ainm. Ba nós an t-ainm céanna a thabhairt ar an ómra, a bhfuil saintréithe leictreastatacha ar leith aige, agus ba as an ómra go bunúsach a d'ainmnigh na fisiceoirí an leictreachas.

Tagairtí cuir in eagar