Má chuimlítear píosa rubairplaistigh le ceirt olla, aomann an píosa sin blúirí páipéir is coirc. Má chuimlítear dhá phíosa rubair le holann agus má chuirtear in aice a chéile iad, éarann siad a chéile. Má chuimlítear píosa gloine le ceirt síoda agus má chuirtear gar don rubar cuimilte é, aomann siad a chéile. Ar an taobh eile den scéal, éarann dhá phíosa gloine chuimilte a chéile. Bíonn na píosaí rubair is gloine seo luchtaithe le leictreachas statach. Tá dhá shaghas luchta ann, dearfach is diúltach. Réada a bhíonn luchtaithe leis an saghas céanna leictreachais, éarann siad a chéile. Nuair is éagsúil na luchtanna ar dhá réad, is amhlaidh a aomann siad a chéile. An luchtú a tharlaíonn don phíosa rubair nuair a chuimlítear le holann é, glactar leis gur luchtú diúltach é. An luchtú a tharlaíonn don phíosa gloine a chuimlítear le síoda, tá sé dearfach. I struchtúr an adaimh, bíonn an núicléas dearfach i lár báire agus na leictreoin dhiúltacha ag timpeallú an núicléis. Bíonn an oiread céanna luchta dhiúltaigh ag na leictreoin uile san adamh le chéile is a bhíonn de lucht dearfach ag an núicléas, ionas gur rud neodrach é an t-adamh iomlán. Nuair a chuimlítear gloine le síoda, baintear leictreoin ó adaimh dhromchla na gloine. Fágtar an ghloine luchtaithe go dearfach. I gcás an rubair a chuimlítear le holann, faigheann an rubar leictreoin breise ón olann, agus mar sin bíonn sé luchtaithe go diúltach. Is iad na leictreoin sna fithiseáin is seachtraí sna hadaimh a bhíonn i gceist sna himoibrithe seo. Talmhú a thugtar ar cheangal seoltóra leis an talamh. Is seoltóir ollmhór é an talamh, ach go logánta feidhmíonn sé mar dheontóir éigríochta leictreon do réad a bhfuil easpa leictreon air agus mar ghlacóir éigríochta leictreon do réad a bhfuil breis leictreon aige, ach an réad sin a thalmhú. Ní mór obair a dhéanamh chun luchtanna a aistriú, agus mar sin deirtear go bhfuil difríocht poitéinsil leictrigh nó voltas idir na luchtanna scartha, agus áirítear voltas i voltaí (V). Nuair a thalmhaítear réad, is ionann sin is nialas voltais a chur ar an réad sin. Baineann an iarmhairt is coitianta de chuid na leictreastataice leis na fórsaí meicniúla a tharlaíonn idir luchtanna. Nuair a chíortar gruaig le cíor níolóin, luchtaítear na ribí gruaige le luchtanna den tsín chéanna. Éarann na ribí a chéile, ionas go seasann siad ar an gceann. Go minic greamaíonn blúirí deannaigh de dhromchlaí de bhrí go mbíonn siad luchtaithe go héagsúil ón dromchla féin. Is mór an núis í seo más gá dromchla a choimeád glan sa tionsclaíocht nó an t-ospidéal. Tarlaíonn iarmhairtí i bhfad níos drámata nuair nach bhfanann an lucht greamaithe go docht statach ar dhromchla. Tar éis duit siúl thar chairpéad, is minic a tharlaíonn drithle idir do lámh is lámh an dorais. Tarlaíonn sé seo de bhrí go dtagann do cholainn le bheith luchtaithe le lucht leictreach, le farasbarr nó easnamh leictreon, tar éis duit a bheith ag déanamh is ag briseadh teagmhála leis an gcairpéad agus tú ag siúl air. Ansin agus do lámh gar do lámh an dorais nó ball éigin troscáin, sceitheann an lucht tríd an mbearna aeir, agus cruthaíonn an sruth beag seo an drithle infheicthe chomh maith le pian bheag i do mhéar. Ach ní bhíonn an drithle dhíluchtaithe seo gan bhaol i gcónaí. I dtancaeirí ola, mar a mbíonn an t-aer lán ó am go chéile le gal peitril, is féidir an ghal seo a mhadhmadh le splanc bheag. Is eol gur tharla a leithéid 3 huaire ar a laghad thar na blianta in olltancaeirí agus gur scriosadh iad de bharr na bpléasc sna tancanna folmha le linn a sruthlaithe le huisce. Sa tionsclaíocht a phléann le hola nó púdair, bíonn géarghá le gach dromchla a thagann gar don ola indóite nó an púdar inphléasctha a bheith talmhaithe go dearfa. Eiseamláir den iarmhairt chéanna is ea an splanc thintrí a éiríonn as díluchtú scamall luchtaithe, eatarthu féin nó leis an talamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreastataic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.