Liam Ó Fionnalaigh

iománaí Éireannach

Is iar-iománaí Éireannach é Liam Ó Fionnalaigh (Béarla: Liam Fennelly), a tháinig ar an saol ar an 1 Eanáir 1958 i mBaile an Phoill, Contae Chill Chainnigh. Bhí gairmréim rathúil aige ina thosaí le foireann idirchontae Chill Chainnigh sna 1980idí agus na 1990idí, ina bhuaigh sé trí bhonn i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na gCat sna laethanta seo chomh maith.

Infotaula de personaLiam Ó Fionnalaigh
Beathaisnéis
Breith1 Eanáir 1958
66 bliana d'aois
Baile an Phoill, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Liam Ó Fionnalaigh
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla Liam Fennelly
Dáta breithe 1 Eanáir, 1958
Dáta báis
Áit bhreithe Baile an Phoill, Contae Chill Chainnigh
Airde
Leasainm
Eolas club
Club Na Seamróga Baile Héil
Ionad Tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Na Seamróga Baile Héil ~1980idí - 1990idí
Idirchontae
Contae Cill Chainnigh
Ionad Tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Cill Chainnigh 1982 - 1992 31(21-21)
Duaiseanna
Craobh Cúige Laighean 6
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 3
Sárimreoirí 4

B'iománaithe iad a sheisear deartháir - Gearóid, Mícheál, Caoimhín, Breandán, Seán agus Diarmaid.

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Liam Ó Fionnalaigh i mBaile an Phoill, Contae Chill Chainnigh thiar sa bhliain 1958. Nuair a bhí sé trí bliana d'aois, bhog a theaghlach go Baile Héil, áit ina raibh feirm ceannaithe ag a athair. Léirigh Liam agus a dheartháireacha go léir spéis mhór san iomáint ó aois óg. Ag an scoil náisiúnta i mBaile Héil a d'imir siad an cluiche don chéad uair, agus lean an seachtar acu ar aghaidh chun imirt leis an gclub agus an gcontae áitiúil.

Club cuir in eagar

In óige fós, chuaigh Ó Fionnalaigh isteach mar bhall den chlub CLG Na Seamróga Baile Héil. Club nua a bhí ann ag an am sin, agus bhí a athair i measc na mbunaitheoirí. Bhain Ó Fionnalaigh rath amach leis na Seamróga gan mhoill, ag tosú sa bhliain 1978 nuair a bhí áit lárnach aige san fhoireann sinsearach a bhuaigh a gcéad craobh contae do na Seamróga. Lean siad ar aghaidh le bua sa Chraobh Laighean, ach bhí mí-ádh orthu sa chluiche ceannais i gcoinne na Carraige Duibhe.

Chuir Ó Fionnalaigh dhá bhonn contae eile leis a bhailiúchán sna blianta 1979 agus 1980. Sa bhliain ina dhiaidh sin, 1981, bhuaigh sé a dara bhonn Laighean, agus a chéad bhonn uile-Éireann chomh maith. Bhí gach rud buaite aige ag leibhéal an chlub, ach ní raibh an rath thart. Bhuaigh na Seamróga craobh an chontae arís sna blianta 1982 agus 1983, ag cur boinn Laighean agus uile-Éireann leis sa bhliain 1983. Tar éis tamaill, bhí ocht mbonn aige i comórtas an chontae, le buanna eile sna blianta 1985, 1988 agus 1989. Sa bhliain 1989, bhailigh sé a cheathrú bhonn Laighean agus a thríú bhonn uile-Éireann. I gcluiche ceannais na hÉireann na bliana seo, d'imir na seachtar deartháir Uí Fhionnalaigh ar an bhfoireann chéanna, curiarracht nach brisfear arís, b'fhéidir.

Tagairtí cuir in eagar



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 1983 - 23ú corn
1 N. Ó Sceacháin | 2 S. Mac Éinrí | 3 B. Mac Óda | 4 R. Ó hEára | 5 S. Ó hAonasa | 6 G. Mac Éinrí | 7 P. de Priondragás | 8 P. Ó Coimín | 9 G. Ó Fionnalaigh | 10 R. de Paor | 11 C. Ó Braonáin | 12 L. Ó Fionnalaigh (capt.) | 13 L. Mac Giolla Phádraig | 14 C. Ó hIfearnáin | 15 A. Ó Riain | Fir ionaid P. Ó Leannáin | Bainisteoir: P. Mac Éinrí