Liam I Shasana

Rí Shasana, Diúc na Normainne

Bhí Liam I Shasana Uilliam Concaire[1]Liam Concar[2] (Fraincis na Normannach: Williame I; Sean-Bhéarla: Willelm I; t.1027/10289 Meán Fómhair 1087) ina Dhiúc ar an Normainn ó 1035 agus ina ar Shasana ó 1066, tar éis dó ionradh a dhéanamh ar an tír sin lena arm agus an Rí Arald a chur as coróin. Tháinig a mhac Liam II i gcomharbas air.

Infotaula de personaLiam I Shasana

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) William I the Conqueror
(ang) Wilhelm se Gehīersumiend
(fr) Guillaume le Conquérant
(nrm) Gllâome lé Counqùéreus
Beathaisnéis
Breith(fr) Guillaume
1027 ↔ 1028
Falaise (Diúcacht na Normainne)
Bás9 Meán Fómhair 1087
58/59 bliana d'aois
Rouen (Diúcacht na Normainne)
Áit adhlacthaAbbey of Saint-Étienne, Caen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc Ríocht Shasana
25 Nollaig 1066 – 9 Meán Fómhair 1087
← Arald GodwinsonLiam II Shasana →
Diúc na Normainne
3 Iúil 1035 – 9 Meán Fómhair 1087
← Roibeard I, Diúc na NormainneRobert Curthose → Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSean-Normainnis
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, monarc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSean-Normainnis
Eile
Teideal uasalMonarc Ríocht Shasana (1066–1087)
Diúc na Normainne (1035–1087) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Normandy Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMatilda Fhlóndras (1053–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCecilia na Normainne, Anraí I Shasana, Constance na Normainne, Alberta, Agatha na Normainne, Matilda na Normainne, Robert Curthose, Adeliza, Richard na Normainne, Liam II Shasana, Adela na Normainne Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRoibeard I, Diúc na Normainne  agus Herleva
SiblínOdo, Iarla Kent, Robert, Cunta Mortain agus Adelaide na Normainne
Duine muintearthaÉadbhard an Choinfeasóra (uncail)
Odo, Cunta Champagne (deartháir céile) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 1948 Cuir in eagar ar Wikidata
D'fhás Liam suas i Chateau Falaise

Cúlra agus Óige cuir in eagar

Rugadh Liam sa bhliain 1027 nó 1028. Ba é mac mídhlisteanach Dhiúc na Normainne, Roibeard I, fear a shíolraigh go díreach ó Rolf Lochlannach, agus thugtaí Liam Bastard air mar gheall air seo. Herleva ab ainm dá mháthair, iníon súdaire ó Falaise. Fuair Roibeard bás nuair nach raibh ach seacht mbliana d'aois slánaithe ag Liam agus rinneadh Diúc na Normainne den bhuachaill óg.

 
Liam Concar, le George Vertue (1648-1756)

Bhí Liam faoi choimirce a uncail, Ardeaspag Rouen, agus bhí sé siúd mar leasrí aige go dtí go raibh aois fir bainte amach aige. Is iomaí cogadh a fearadh le linn réimeas Liam agus is iomaí éirí amach a rinne na barúin Normannacha ina choinne chun a dhúshlán a thabhairt. Ach ba láidir an phearsa é agus thuill sé clú mar cheannaire agus mar shaighdiúir díograiseach agus brúidiúil, rud a chabhraigh leis iomlán na Normainne a chur faoina smacht.

Sa bhliain 1049, phós sé Matilda Fhlóndrais, arbh í iníon Chunta Baldwin Fhlóndrais agus bhí Ailfrid Mór mar shinsear aici chomh maith.

A Éileamh ar Ríocht Shasana agus Cath Hastings cuir in eagar

 
Dealbh Liam i Falaise

I bhfad sular rugadh Liam, ba ghá do rítheaghlach Shacsanaigh an Iarthair teitheadh go dtí an Normainn sa bhliain 1013, de bharr ruathair na Lochlannach. Bhí Éadbhard Coinfeasóir ina chónaí sa Normainn go dtí gur tháinig sé i gcoróin i Sasana sa bhliain 1042, nuair a bhí Liam féin 14 bliain d'aois. Thug sé talamh dá chomhghuaillithe Normannacha nuair a d'fhill sé ar Shasana, ar mhaithe le cumhacht na mbarún Sacsanach a laghdú. Dealraíonn sé gur ainmnigh Éadbhard Liam mar chomharba aige sa bhliain 1051. Nuair a fuair Éadbhard bás, d'ainmnigh an Witenagemot duine d'iarlaí cumhachtacha Shasana, Arald Mac Godwin, mar rí. Chinn Liam ar éileamh a chur isteach ar choróin Shasana mar dhuine de ghaolta Éadbhaird, mar thoradh ar an mbeart seo.

 
Bonn Liam
 
Armas

Ag an am céanna, bhí gaiscíoch Ioruach darbh ainm Arald Hadraada, a shíolraigh ó Canute, ag ullmhú cabhlaigh le hionradh a dhéanamh ar Shasana. Tháinig sé i dtír ar Abhainn an Humber ar 18 Meán Fómhair 1066, agus ghabh sé Eabhrac dhá lá ina dhiaidh sin. Mháirseáil an Rí Arald a arm ó thuaidh agus bhuail siad na Lochlannaigh agus maraíodh Hadraada ag Cath Dhroichead Stamford, ar 25 Meán Fómhair.

Ar 28 Meán Fómhair, tháinig Liam agus a chabhlach i dtír, gar do Pevensey Kent. Mháirseáil Arald a arm ó Eabhrac go Kent le dul i ngleic le harm Liam ag Cath Hastings, ar 14 Deireadh Fómhair. D'ordaigh Liam dá arm ligean orthu gur ag cúlú a bhí siad, ach d'ionsaigh siad arm Araild ansin, nuair a briseadh ar ord a shaighdiúirí siúd agus iad ag iarraidh dul sa tóir ar shaighdiúirí Liam a bhí ag teitheadh, mar dhea. Maraíodh Arald sa chath nuair a buaileadh é sa tsúil le saighead agus chúlaigh arm na Sacsanach.

Thogh an Witan Edgar Atheling mar chomharba Araild, ach thairg sé siúd an choróin do Liam, de réir cuma. Agus é ag iarraidh a chuid cumhachta a dhaingniú, chuir Liam cosc ar chreachadóireacht agus gheall sé gur fuascailt íseal a bheadh i gceist. San áireamh leis sin, thairg sé pardún do na Sacsanaigh go léir nach raibh ag troid ar son Araild.

Liam ina Rí ar Shasana cuir in eagar

Cluicheadh an Tuaiscirt cuir in eagar

 
Léarscáil den achar talún a bhí faoi smacht Liam i Sasana agus sa Fhrainc, tar éis dó Sasana a ghabháil.

D'éirigh go leor de na Sacsanaigh amach i gcoinne Liam sna blianta beaga i ndiaidh dó teacht i gcoróin, go háirithe i dtuaisceart na ríochta. D'éirigh le Liam na ceannaircí seo a chur faoi chois agus rinne a arm léirscrios ar an gceantar máguaird, eachtra a tugadh 'Cluicheadh an Tuaiscirt' uirthi.

Liber de Wintonia cuir in eagar

D'ordaigh Liam suirbhé 'Liber de Wintonia' nó 'An Leabhar Brátha' (Béarla: Domesday Book) sa bhliain 1085. Bailíodh eolas faoin talamh go léir ar fud Shasana agus rinneadh taifead de san Leabhar Brátha. Rinneadh an suirbhé seo ar mhaithe le cúrsaí gearrtha cánach agus tá sé ina shár-fhoinse eolais do staraithe an lae inniu i leith na tréimhse sin. Rinneadh taifead ann ar an méid talún a bhí ag gach ridire, ar an méid sráidbhailte a bhí ann agus ar an gcineál feirmeoireachta agus curaíochta a bhí ar siúl iontu. D'úsáid Liam an t-eolas seo le fáil amach cén chumhacht mhíleata agus cén cineál maoine a bhí ar fáil dó sa tír. Ba é an t-aon rí san Eoraip i rith na meánaoiseanna a rinne a leithéid.

Mionn Salesbury cuir in eagar

Sa bhliain 1086, thug Liam ar na huaisle go léir teacht go Salisbury, áit a raibh orthu mionn dílseacht dó a thabhairt. Agus an mhóid seo á tabhairt acu, bhí ag éirí le Liam réimse na ndílseachtaí áitiúla a bhain le húinéireacht talún sa chóras Feodach a sheachaint. Bhí sé i gceist aige go gcuirfeadh sé seo stop le ceannaircí ina choinne ina dhiaidh sin.

Smacht na Normannach cuir in eagar

Bhí tionchar ollmhór ar Shasana ag cuid mhaith de na hathruithe a thug Liam Concar ar an saol tar éis dó teacht i gcoróin. Cruthaíodh uasaicme Normannach nua os cionn na Sacsanach dúchasach. Faoi 1086, bhí 80% de thalamh na ríochta faoi úinéireacht na Normannach.

Tugadh ísliú céime do na Sacsanaigh i gcúrsaí riaracháin, polaitiúla agus eaglasta chomh maith agus na Normannaigh ag glacadh na bpost ba thábhachtaí dóibh féin. Thairis sin, rinneadh teanga oifigiúil den Fhraincis, teanga dhúchais na Normannach agus fágadh teanga na Sacsanach, teanga an mhóraimh in áit na leathphingine, cé go ndearna Liam féin iarrachtaí é a fhoghlaim. Cheap Liam fear Iodálach darbh ainm Lanfranc, ina Ardeaspag ar Chanterbury, chun atheagrú a dhéanamh ar an eaglais i Sasana agus chun smacht na Normannach uirthi a chinntiú.

Ach seans maith gurbh é an t-athrú ba mhó a d'imir concas na Normannach ar Shasana ná an caidreamh eachtrach nua a cruthaíodh. Roimhe seo, ba ó thuaidh i dtreo Chríoch Lochlann, a d'fhéach na Sasanaigh go cultúrtha agus go polaitiúil. Ach anois bhí saol Shasana, idir eacnamaíoch agus chultúrtha, dírithe ar an bhFrainc agus ar an Mór-Roinn.

Bliain a bháis cuir in eagar

Fuair Liam bás ar 9 Meán Fómhair 1087, tar éis dó é féin a ghortú go marfach nuair a thit sé ar chorr iarainn a dhiallaite, agus é ag cur an bhaile Mantes faoi léigear, sa Fhrainc.

Adhlacadh a chorpán i Séipéal San Stiofán, i gCaen. Scrios gráscar Cailvíneach an chuid ba mhó dá chorp sa 16ú haois agus scriosadh an chuid dheireanach a bhí fágtha, cnámh leise dá chuid, i rith Réabhlóid na Fraince.

Tháinig an dara mac leis, Liam Rufus, i gcomharbacht air, tar éis don mhac ba shine leis, Roibeard Curthose, éirí amach ina choinne sa Normainn sula bhfuair sé bás.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar