Planda cumhra ilbhliantúil a fhásann 120 cm ar airde, dúchasach do chuid mhaith réigiún measartha. Na duilleoga roinnte go domhain, dúghlas ar barr agus airgeadach le ribí lomracha faoina mbun. Na bláthchinn scothdhearg/donn, líonmhar ach suarach, brúite ar ghais fhada dhuilleacha. Úsáidtear na duilleoga óga mar bhlastán ar ghé, lacha agus muiceoil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Liathlus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 409.