Teanga chúnta a thionscnaigh an Dr C. George Boeree as Ollscoil Shippensburg, Pennsylvania, is ea an Lingua Franca Nova (LFNElefen freisin). Tá stór focal na teangan bunaithe ar na teangacha Rómánsacha, Fraincis, Iodáilis, Portaingéilis, Spáinnis, agus Catalóinis. Sa bhliain 1998 a seoladh ar an idirlíon í. Bíonn gramadach na teangan an-laghdaithe, cosúil leis na Crióil Rómánsacha. Tá córas litrithe fóinéimeach aici, ag baint úsáide as 22 litir as an aibítir Laidineach agus an aibítir Choireallach.

Infotaula de llenguaLingua Franca Nova
Lingua Franca Nova, lingua franca nova agus elefen

CruthaitheoirC. George Boeree
Dáta1998
Cineálteanga chumtha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Aibítir Choireallach
Cóid
ISO 639-3lfn
Glottologling1267
IETFlfn

Gramadach cuir in eagar

Baineann Elefen úsáid as leagan níos simplí de ghramadach na dteangacha Rómánsacha, go háirithe Catalóinis, Fraincis, Iodáilis, Portaingéilis agus Spáinnis. Mar sin, tá sé cosúil le gramadach na gcriól Rómánsach, ar nós Criól Háítí, Criól Rinn Verde, Paipeamaintis, agus Chavacano.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar