Lios Cearúill

baile i gContae Chorcaí

Sráidbhaile i gContae Chorcaí is ea Lios Cearúill.[1] Tá sé le fáil ar an mbóthar réigiúnach R522 in aice le Mala agus le Cill na Malach, timpeall dhá mhíle slí laisteas den Abhainn Bheag. Tá Lios Cearúill suite i ngleann a mbíodh loch ársa ann: tá láithreán an locha sin timpeall seasca troigh faoi thalamh anois.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLios Cearúill

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°15′37″N 8°48′13″W / 52.260319°N 8.803681°W / 52.260319; -8.803681
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1414049
Suíomh gréasáinliscarroll.ie Cuir in eagar ar Wikidata

An Caisleán cuir in eagar

Caisleán Lios Cearúill suite os cionn an tsráidbhaile. Caisleán Normannach is ea é, agus sa 13ú haois a tógadh é de bharr na mBarrach a theacht i réim i gCúige Mumhan. Bhí sé ar cheann de roinnt caisleán a tógadh chun an limistéar Normannach a chosaint ar na hÉireannaigh thiar agus theas. Fágann sin gur comhartha suntasach é ar theacht agus ar dhaingniú na Normannach san áit. Méadaíodh agus feabhsaíodh é de réir a chéile (is dócha go mbaineann teach an gheata leis an 16ú haois). Scrios Sir Hardress Waller é sa bhliain 1650.

Inniu féin tá bail measartha maith air, cé gur fothrach é.

 
An limistéar (agus dath gorm air) a bhí faoi smacht na Normannach timpeall na bliana 1300.

Tá faiche os comhair an chaisleán amach, agus is gearr ó cuireadh roinnt crann dúchasach ann, in éineacht le bláthanna na háite i bpáirc.

An Lios cuir in eagar

Tá lios gar don sráidbhaile, agus é isteach is amach le 30 méadar trasna; idir an 5ú haois agus an 10ú haois a rinneadh é, agus cuireadh ocht bhfear déag de na Gearaltaigh ann tar éis gur maraíodh iad i gCath Lios Cearúill sa bhliain 1642.

An Mhainistir cuir in eagar

Sa tseanreilig, tá fothraigh a dtugtar “Seanmhúrtha” Lios Cearúill orthu, ach ar iarsmaí seanmhainistir iad i ndáiríre. Deirtear gur mhainistir Phroinsiasach í, ach is éard is dóichí gur Beinidictigh de chuid Chill na Malach a thóg í faoi choimirce na mBarrach.

Iarsmaí cuir in eagar

Tá an ceantar lán d’iarsmaí seandálaíochta – leasanna, fulachtaí fiann agus eile.

Tagairtí cuir in eagar