Litríocht na Sualainnise

Is í litríocht na Sualainnise an litríocht a scríobhtar trí mheán na Sualainnise, an ceann is líonmhaire cainteoirí de na teangacha Lochlannacha. Scríobhtar litríocht sa teanga sa tSualainn agus san Fhionlainn.

Litreacha na haibítre Sualainnise

Is é an téacs liteartha is sine atá againn sa teanga ná Rökstenen, nó an chloch rúnach ó Rök. Ba iad na hUigingigh a ghrean an chloch seo, timpeall na bliana 800 AD. I dtús na 12ú haoise, chuaigh an tSualainn le Críostaíocht, agus ina dhiaidh sin, ba iad na manaigh sna mainistreacha a rinne an chuid ba mhó den scríbhneoireacht, agus ba í an Laidin an teanga ab fhearr leo a úsáid, ní nach ionad. Níor bhláthaigh an teanga i gceart roimh an Athrú Creidimh, nuair a tháinig aistriúchán nua den Bhíobla i gcló (sa bhliain 1541), nó bhí caighdeánú na teanga de dhíth le haghaidh an aistriúcháin. Is gnách "Biobla an Rí Gustavus Vasa" a thabhairt ar an mBíobla seo.

Nuair a chuaigh an t-oideachas i bhfairsinge agus an tsochaí chun saoltachta, tháinig tuilleadh forbartha ar an litríocht Sualainnise. Ba é Georg Stiernhielm (1598-1672) a chuir tús leis an bhfilíocht chlasaiceach sa teanga. Meastar gurbh é Johan Henric Kellgren (1751-1795) an chéad scríbhneoir próis a raibh tuiscint aige do stíl líofa dhúchasach na Sualainnise. Maidir le Carl Michael Bellman (1740-1795), scríobh sé amhráin ólacháin a bhfuil ráchairt orthu i gcónaí, agus ba é August Strindberg (1849-1912) an chéad scríbhneoir réalaíoch criticiúil. Glactar leis gurbh é saothar Strindberg a thosaigh briseadh mór an nua-aoiseachais, det moderna genombrottet, i litríocht na Sualainne.

Ba í Selma Lagerlöf a bhain amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1909, agus bronnadh an duais ar Shualannach eile, Pär Lagerkvist, sa bhliain 1951. Saothar tábhachtach i stair litríocht na Sualainne atá sa tsraith ceithre úrscéal a scríobh Vilhelm Moberg (1898-1973) faoi chinniúint na Sualannach a chuaigh ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe: Utvandrarna (Na hEisimircigh)/Invandrarna (Na hInimircigh)/Nybyggarna (An Lucht Míntíreachais)/Sista brevet till Sverige (An Litir Dheireanach go dtí an tSualainn).

Le déanaí, is iad na scríbhneoirí scéalta bleachtaireachta is mó a thabhaigh clú sa tSualainn, ar nós Henning Mankell agus Stieg Larsson. Tá clú domhanda ar Astrid Lindgren freisin, a scríobh a lán scéalta do pháistí lá a saoil.

Maidir leis na scríbhneoirí Sualainnise ón bhFionlainn, bhí ról tábhachtach acusan i stair liteartha na teanga chomh maith. Bhí an-ráchairt ar dhánta rómánsúla Johan Ludvig Runeberg faoi chogadh na Fionlainne a d'fhág an Fhionlainn ina cúige Rúiseach sa bhliain 1809. Scríbhneoir tábhachtach eile a bhí i Zachris Topelius, a bhreac síos úrscéal mór millteanach - nó sraith scéalta eipiciúla ab fhearr a rá - faoi stair na Fionlainne agus na Sualainne, Fältskärns berättelser ("Scéalta an Mháinlia Airm"). Fuair an banfhile Edith Södergran bás go hóg, ach thabhaigh sí clú síoraí mar cheannródaí don fhilíocht nua-aimseartha Sualainnise.