Loch mór, domhain, fionnuisce sna Garbhchríocha de chuid na hAlban is ea Loch Nis (Béarla: Loch Ness), a leathnaíonn thart ar 37 km (23 míle) siar ó dheas ó Inbhir Nis.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Nis
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCanáil Chaladónach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraíAlbain Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Boleskine and Abertarff, Scotland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°18′N 4°27′W / 57.3°N 4.45°W / 57.3; -4.45
SliabhraonNa Garbhchríocha Cuir in eagar ar Wikidata
Craobh-abhainn
EisilteachBona Narrows (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige16 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach272 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí1.5 (leithead) × 39 (fad) km
Achar56.4 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach1,775 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt7,450 hm³ Cuir in eagar ar Wikidata

Seasann a dhromchla 16 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Tá sé nasctha, ar an taobh ó dheas, leis an Abhainn Omhaich, agus le gearradh den Chanáil Chaladónach. Ar an taobh ó thuaidh tá Caol a' Bhànath (Béarla: Bona Narrows), a osclaíonn amach i Loch Dabhach a' Phùir, agus a bheathaíonn Abhainn Nis agus cuid eile den chanáil go dtí Inbhir Nis.

Is ceann é de na sraitheanna dobharlach ruaimneach modartha, in Albain; bíonn infheictheacht a chuid uisce go heisceachtúil íseal, mar gheall ar mhéid na móna san ithir máguaird.

Níl ann ach cleas

Stair agus miotaseolaíocht cuir in eagar

Tá cáil idirnáisiúnta ar an loch mar gheall ar a "ollphéist" “Niseag”. Ar an 2 Bealtaine 1931, tuairiscíodh an chéad dearcadh d'Ollphéist Loch Nis i nuachtán Albanach. Is cosúil go raibh gimic mhargaíochta ann,  chun tionscal na turasóireachta a spreagadh[1].

 
Caisleán Urquhart agus Loch Nis

De réir na miotaseolaithe, leis na céadta bliain, chreid daoine áirithe go raibh rud mór mistéireach i bhfolach in uisce Loch Nis. "An ollphéist nó amaidí é? An bhfuil ainmhí cosúil le dineasár sa loch?"[2]

De réir scéal eile, chuir Naomh Colm Cille Nessie faoi dhraíocht agus "théaltaigh an ollphéist ar ais faoin uisce gan a haghaidh a thaispeáint os cionn uisce arís nuair a bhí daoine ann"[3].

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mackal, Roy P., The Monsters of Loch Ness, leathanach 85 (Futura, 1976) ISBN 0-86007-381-5
  2. "Mistéir Ollphéist Loch Nis", Maureen Fleming & Virginia King, ISBN 9780732747411 Litríocht.com
  3. "Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis" http://ccea.org.uk Curtha i gcartlann 2018-04-17 ar an Wayback Machine