Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Ontario (Fraincis: Lac Ontario) agus an loch is faide soir de na cúig loch fionnuisce atá suite in oirthear na Stát Aontaithe, ar an teorainn le Ceanada.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Ontario
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Lochanna Móra
teorainn idir Ceanada agus na Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraíStáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinOntario, Ceanada agus Nua-Eabhrac, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 43°43′44″N 78°06′23″W / 43.7289°N 78.1064°W / 43.7289; -78.1064
Le cuid
EisilteachAbhainn Saint Lawrence Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach draenálaLake Ontario drainage basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige74.1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach244 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí85 (leithead) × 311 (fad) km
Imlíne1,146 km Cuir in eagar ar Wikidata
Achar18,529 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach690,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt1,639,000 hm³ Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Faigheann sé uisce ó Loch Erie, tríd an Abhainn Niagara agus Eas Niagara agus folmhaíonn sé isteach san Abhainn San Labhrás. 6 bliana an t-am seadaithe ag uisce sa loch. Tá achar dromchla iomlán de 19,000 km² aige.

Tá sé suite ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe (Nua-Eabhrac) agus Ceanada (Ontario), sa réigiún ar a dtugtar an 'crú capaill órga' (Fraincis: fer à cheval doré, Béarla: Golden Horseshoe) air, leis an cheannchathair Torontó, áit a fheidhmíonn sé mar chaidéil teasa, ach go háirithe i rith an tSamhraidh, i gcóir aerchóirithe d'foirgnimh oifige agus do na háitritheoirí.

Dinnseanchas cuir in eagar

Bhí ainmneacha éagsúla ar Loch Ontario thar na céadta bliain. Léiríonn léarscáil a tarraingíodh i leabhar leis an teideal "Relation des Jésuites" (1662-1663) an t-ainm "Loch Ontario" agus "Loch Iroquois".

Sa bhliain 1712, d'ullmhaigh an Francach, an tUasal Jean-Baptiste de Couagne léarscáil, a cuireadh i láthair Musée canadien des Civilisations (Gaeilge: Músaem Ceanadach na Seansibhialtachtaí), ina dtugtar an "Loch Frontenac" air.

Thug na Iroquois an t-ainm "Skanadario" air.

 
Toronto cois Locha