Luach beathaithe próitéine, a bhraitheann ar an meascán aimíonaigéad a chuimsíonn sí. Ní bheadh ach luach íseal bitheolaíoch ag próitéin le tiúchan íseal de cheann de na haimíonaigéid riachtanacha. Is féidir tomhas a fháil ar an luach bitheolaíoch má thómhaistear an codán den ábhar nítrigineach (aimíonaigéad) a ionsúitear i ndáiríre as na haimíonaigéid iomlána a ionghabhtar. Bíonn luach ard bitheolaíoch ag próitéiní ainmhithe, cosúil le hubh, ach luach íseal ag próitéiní glasraí, cosúil le glútan.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Luach bitheolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 419.