Is éard atá i gceist le Lucht an dreoilín ná cleamairí a cheiliúireann Lá Fhéile Stiofánlá an dreoilín. In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig, nó Lá Fhéile Stiofáin. Is traidisiún in Éirinn é, agus tá an Dreoilín á gceiliúradh sa Bhreatain freisin, go mór mhór sa Bhreatain Bheag. Sean-traidisiún atá i Lá an Dreoilín agus tá baint ag an Lá le miotaseolaíocht na gCeilteach.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá an Dreoilín
Íomhá
Cineállá saoire
traidisiúin Ceilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deildiachas Ceilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe, Éire, An Bhriotáin agus an Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Oidhreacht chultúrtha
Fardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe na hÉireann


Deoch an Dreoilín

Bíonn go leor seó agus searmanais ag baint le ceiliúradh na féile seo. Téann "Lucht an dreoilín" ó theach go teach[1] (nó ó theach tábhairne go teach tábhairneǃ) ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, agus b'fhéidir ag bailiú airgid agus bia.[2] Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca.

Cé nach bhfuil an traidisiún chomh láidir agus chomh feiceálach in Éirinn anois agus a bhí, tá daoine ann atá ag iarraidh an traidisiún a thabhairt ar ais arís.

Piseoga cuir in eagar

I gCiarraí, ní ití feoil an lá seo, cuing é seo a chuireadh na seandaoine orthu féin chun go mbeadh an tigh saor ó fhiabhras agus ó aicídí na bliana[3].

Tá fabhal ann ag ceangail an Lá le heachtraí Íosa.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lá an Dreoilín" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  2. "Lá an Dreoilín < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  3. "‘Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan, dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an inse…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.