Polaiteoir Rómhánach ab ea Lucius Sergius Catilina, a rugadh timpeall ar 108 RC agus a d'éag i machaire an chatha sa bhliain 62 RC. Is í Comhcheilg Catilina is mó a thuill clú, nó míchlú, dó lena linn agus i ndiaidh a bháis. Bhí sé ina chúlaistín ag Lucius Cornelius Sulla agus deirtear gur mharaigh sé deartháir a mhná céile, Marcus Marius Gratidianus, toisc go raibh gaol aige le Gaius Marius, namhaid Sulla - san am seo bhí an Róimh ar fad trí chéile ag an dóigh a raibh Sulla agus Marius ag cur troda ar a chéile. Sa bhliain 63 RC rinne Catilina iarracht teacht i gcumhacht sa Róimh le lámh láidir, nuair a bhí teipthe air i dtoghcháin an chonsail, ach ansin sceith Fulvia, a bhean chéile, na pleananna le Cicearó roimh ré. Lena chuid deisbhéalaí shaighid Cicearó muintir na Róimhe i Catilina, agus sa deireadh ghair Seanad na Róimhe namhaid an náisiúin de. D'éalaigh Catilina as an Róimh, agus trúpaí a bhí dílis dó á thionlacan. Bhí sé ag iarraidh an Ghaill a bhaint amach le bunáit a chur ar bun ansin agus cogadh cathartha a chur ar lucht leanúna Chicearó, ach i Mí Eanáir den bhliain 62 RC d'éirigh ina chath in aice le Pistoria (inniu, Pistoia sa Tuscáin) idir a chuid trúpaí agus arm an tSeanaid. Fuair Catilina bás sa chath seo a chuir deireadh deifnídeach lena chomhcheilg.

Infotaula de personaLucius Sergius Catilina

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) L.Sergius L.f. Catilina
Beathaisnéis
Breith108 "RCh"
An tSean-Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás62 "RCh"
45/46 bliana d'aois
Pistoia (An tSean-Róimh)
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
luach anaithnid – 62 "RCh"
Praetóir
68 "RCh" – 68 "RCh"
Propraetor (en) Aistrigh an Afraic
67 "RCh" – 66 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir de chuid na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLate Roman Republic (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin
Teaghlach
CéileGratidia
Aurelia Orestilla Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairBelliena (en) Aistrigh
SiblínSergia